Earnaine mac Fiachna
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 636 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Athair | Fiachmae |
Siblín | Suibhne Meann |
Rí Ailigh de Chineál Eoghain, clann Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Earnaine mac Fiachna (Sean-Ghaeilge Ernaine mac Fiachnai) (bás 636). Suibne Menn (bás 628), Ardrí Éireann, ba ea a dheartháir.[1] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 630 go dtí 636.[2]
Cineál Fhearadhaigh ba ea do-chlann Earnaine. Bhíodh géag iomaíochta Chineál Eoghain, darbh ainm Cineál Mhic Earca, i gceannas i ríogacht Ailigh go dtí réimeas Suibhne. Sa bhliain 630, tharla Cath idir na Cineál i gCath Leitheirbe. Bhuaigh Earnaine in éadan Mhaoil Fhithrigh mhic Aodha de Chineál Mhic Earca, a maraíodh.[3] Tháinig Cineál Fhearadhaigh chun cinn ansin, sa chuid eile den 7ú haois. Maraíodh Ernaine sa bhliain 636 ach ní fios cérbh é a mharfóir.[4][5] De réir Sioncronachtaí Laud, mharaigh a ghaoil i gCineál Eoghain, is dócha Cineál Mhic Earca.[6]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín V
- ↑ Tugtar réimeas sé bliana dó i Sioncronachtaí Laud.
- ↑ Annála Uladh, AU 630.1
- ↑ AU 636.1
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 638.1
- ↑ Charles Edwards, Tábla 12.4