Contae Mhaigh Eo
Contae Mhaigh Eo | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | ||||
Príomhchathair | Caisleán an Bharraigh | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 130,638 (2011) | ||||
• Dlús | 23.39 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 5,586 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | office of the Cathaoirleach of County Mayo (en) | ||||
Comhlacht reachtach | comhlacht reachtach Chomhairle Contae Mhaigh Eo | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | IE-MO | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 100023 | ||||
Suíomh gréasáin | mayo.ie |
Tá Maigh Eo nó Contae Mhaigh Eo[1] ar chósta thiar na hÉireann. I gCúige Chonnacht atá sé. Ó Mhainistir Mhaigh Eo, nó Maigh Eo na Sacsan, i lár an chontae a thagann an t-ainm, agus is éard is ciall leis ná machaire nó maigh le crainn eo nó iúir. Is é Caisleán an Bharraigh an príomhbhaile atá ann.
Tá Cnoc Mhuire, ina ndeirtear gur thaispeáin an Mhaighdean Muire í féin do leanaí, gar do theorann Chontae Ros Comáin, agus tá basilica anois ann, le busanna cuairteoirí ar a thriall chuile bhliain. Tógadh aerfort an aice lámha i mBaile Chathail, tar éis feachtais a reachtaigh an Moinsíneoir James Horan, ar a dtugtar Aerfort Chnoic Mhuire nó Aerfort Horan. In iarthar an chontae atá Cruach Phádraig, sliabh ar a ndeirtear go ndearna Naomh Pádraig troscadh ar feadh 40 lá agus 40 oíche. Bhí beagán Gaeilge sa chontae i rith an chéid seo caite, ach tá lagar mór tagtha ar líon na nGaeilgeoirí inniu. Mar sin féin, tá trí cheantar ann atá ina nGaeltachtaí oifigiúla, is iad sin, Tuar Mhic Éadaigh (agus na bailte máguaird ar iar-chladach Loch Measca), an t-oirthear Oileán Acla (araon le hInis Bigil), agus an chuid is mó d'Iorras. Tá fíor-Ghaeltachtaí fágtha i nDún Chaocháin agus ar an bhFál Mór/Eachléim.
Tionscal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an turasóireacht tábhachtach in iarthar agus i dtuaisceart an chontae. Tá iascach maith sna lochanna, ar nós Loch Measca, agus sna haibhneacha i gcontae Mhaigh Eo, mar go bhfuil an t-uisce glan, agus tá cáil idirnáisiúnta ar an Muaidhe dá bharr. Ní raibh mórán tionscail trom i Maigh Eo ar feadh na céadta bliain. Bhí an t-ainm ar Mhaigh Eo le fada ar bheith bocht, agus is fíor go raibh an-chuid imirce ó Mhaigh Eo go dtí blianta beaga anuas. Deirtí faoi, "Muigh Eo, Dia 'ár sábháil". Tá an talamh garbh go maith in iarthar an chontae, agus théadh cuid mhaith spailpíní as Maigh Eo go feirmeacha torthúla sa chuid eile den tír, go Sasana agus go hAlbain.
Stair Mhaigh Eo
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cruthú ó thochailt i Machairí Chéide go bhfuil daoine ag cur fúthu sa chuid seo den tír leis na mílte bliain. In aimsir Eilís I, ba fhoghlaí mara í Gráinne Uí Mháille nó Gráinne Mhaol a raibh eagla agus ómós ag Gael agus Gall di.
Tháinig an Ginearál Humbert i dtír i gCill Ala sa bhliain 1798, le cuidiú leis an éirí amach, agus d'éirigh go maith leo ar dtús. Tugtar Rásaí Chaisleáin an Bharraigh ar ar éacht seo. Ar ndóigh tháinig arm Shasana i gceannas ar an éirí amach ar deireadh.
Ag deireadh an 19ú haois, bhí Mícheál Dáibhéad as an tSráid sa chontae ina cheannaire ar Chonradh na Talún, agus bhí an-aighneas idir na tionóntaí agus na tiarnaí talún, mar gheall ar an gcruatan a bhí ar na gnáthdhaoine i rith ghortaí agus ina ndiaidh.
Barúntachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Iorras, Tír Amhlaidh, Buiríos Umhaill, Gaileanga, Ceara, Clann Mhuiris, Coistealaigh, Cill Mheáin, Muraisc
Bailte i gContae Mhaigh Eo
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Achadh Dúin, An Aird Mhór, An Ascaill, Ardach (Tír Amhlaidh), Ardach (Buiríos Umhaill)
- Baile an Chaisil, Baile an Daighin, Baile an Róba, Baile an Tobair, Baile Conga, Baile Chathail, An Baile Gaelach, Baile Uí Fhiacháin, Balla, Béacán, Béal an Átha, Béal an Mhuirthead, Béal Átha Bhearaigh, Béal Átha Chomhraic, Béal Átha hAmhnais, Béal Átha na Muice, Béal Deirg, Béal Easa, Beannchar, Bréachmhaigh, Na Broicíní, Bun an Churraigh
- Cagála, An Caiseal, Caisleán an Bharraigh, An Caol, Caorthannán, Cathair na Mart, Ceathrú Thaidhg, Cill a' Ghallagáin, Cill Ala, Cill Cheallaigh, Cill Chomáin, Cill Mheáin, Cill Mhíona, Clár Chlainne Mhuiris, Cluain Cearbán, Cnoc Mhuire, Coillte Mách, Conga Fheichín, Corr Cloch, Corr Ráithe, An Creagán Bán, Crois Mhaoilíona, An Chrois, Cill Chuimín
- An Díthreabh, Dumha Éige, Dún Ibhir, An Dromainn, Dúiche Sheoighe, Dubh Thuama, An Droim
- An Eachléim, An Éill
- Fionnloch
- Gleadraigh, Gleann an Fháin, Gob an Choire, Gaoth Sáile, Gleann na Muaidhe, Gleann an Ghad, An Geata Mór
- Imleach Beag
- Leac an Anfa, Leathardán, Lorg an Chlaí
- Oireadh
- Magh nUladh, Maigh Eo (Contae Mhaigh Eo), Maith Gamhna, Manrach Ruairí, An Mhala Raithní, Míleac, Maolla, Muraisc
- Pártraí, Pont Abhann, An Pollach
- Róibín, Ros Dumhach, Ráth na gCoinín
- Sáile, An Seamar Bán, An tSráid, Sráid an Ráca, Sruthair
- Tochar Phádraig, Tuar Mhic Éadaigh, Tulach Ruacháin, Tóin an Mhása, Tóin Ré Gaoith
Sleibhte
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Loch Measca
- An Corrán
- Fód Dubh
- An Muirthead
- Iorras
- Ceann Iorrais
- An Bhinn Bhuí
- Cuan an Fhóid Duibh
- Inis Gé
- Loch Con
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Oileáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Siúlóid Oidhreachta
- Bealach an Iarthair
- Páirc Mhic Éil
- Eaglais Naomh Cólman
- Comhar Dún Chaocháin Teo
- Páirce Náisiúnta Bhaile Chruaich
- Comhairle Contae Mhaigh Eo
- Comhar Dún Chaocháin Teo
- Oíche na Gaoithe Móire
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Irish language in County Mayo
- Suíomh oifigiúil Chontae Mhaigh Eo
- Fánaíocht i gcontae Mhaigh Eo Curtha i gcartlann 2006-07-18 ar an Wayback Machine - seanleabhar taistil faoin gcontae ar an Idirlíon.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Contae Mhaigh Eo/Mayo | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.