Jump to content

Úsáideoir:An Sionnach Rua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Vicipéid:Baibéal
ga-3 Is féidir leis an úsáideoir seo cuir leis an Vicipéid le hardleibhéal Gaeilge.
en-3 This user is able to contribute with an advanced level of English.


de-3 Diese Person hat sehr gute Deutschkenntnisse.
gd-1 Tha inbhe bhunasach de Ghàidhlig aig an neach-cleachdaidh seo.

Leathanach Úsáideora An Sionnach Rua

Is as Tamhlacht Mhaolruain dom ó dhúchas, baile atá ar imeall na hardchathrach in Éirinn. Níor tógadh leis an Ghaeilig mé ach is mór an chabhair a bhí inti dom im shaol ó thosaigh mé á foghlaim. D'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ar an scoil ar dtús agus ar an ollscoil ar lean, áit ar bhain mé bunchéim amach sa Nua-Ghaeilge agus sna Léinn Ghearmáinise agus Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Iar-Bhunscoile) ina dhiaidh sin ag múineadh na Gaeilge agus na Gearmáinise ag leibhéal iar-bhunscoile. Tá canúint mheasctha agam, a bhfuil rianta de Ghaeilge Chonamara agus de Ghaeilge Uladh le brath inti chomh maith le rianta beaga bídeacha den eolas a bhí le fáil faoin chanúint thréigthe a labhraíodh i mo cheantar dúchais. Bainim úsáid as an chaighdeán oifigiúil agus mé i mbun eagarthóireachta ar an tsuíomh seo agus nuair a bhím ag cruthú ábhar di chomh maith.

Tá suim ar leith agam sa teangeolaíocht, sa dúlra, sna healaíona comhraic agus sa tíreolaíocht agus is ar leathanaigh a bhaineann leis na téamaí seo a fheicfidh tú mo lorg as seo amach.