An Astráil
An Astráil | |||||
---|---|---|---|---|---|
Australia (en-au) | |||||
|
|||||
Aintiún | Advance Australia Fair (19 Aibreán 1984) | ||||
Mana | «There's NOTHING like Australia» (2010) | ||||
Siombail oifigiúil | Acacia pycnantha agus ópal | ||||
Ainmnithe in ómós | Terra Australis Incognita | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Canberra | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 26,473,055 (2023) | ||||
• Dlús | 3.44 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 10,852,208 (2021) | ||||
Déamainm | Astrálach | ||||
Teanga oifigiúil | Béarla na hAstráile teanga chomharthaíochta na hAstráile | ||||
Reiligiún | luach ar iarraidh | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | MIKTA An Astraláise Australia and New Zealand (en) Comhlathas Briotanach | ||||
Achar dromchla | 7,692,024 km² | ||||
• Uisce | 0.8 % | ||||
Tomhas | 4,000 km () × 3,860 km () default | ||||
Imeallbhord | 34,000 km | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Indiach, South Pacific Ocean (en) , Great Australian Bight (en) , Caolas Bass, Muir Tasman, an Mhuir Choiréil, Muir Arafura agus Muir Thíomór | ||||
Pointe is airde | Mawson Peak (en) (2,745 m) | ||||
Pointe is ísle | Loch Eyre (−15 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann | ||||
Cruthú | 1 Eanáir 1901 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Saoire phoiblí | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | representative democracy (en) , monarcacht bhunreachtúil agus stát cónaidhme | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Australian Government (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint na hAstráile | ||||
• Monarc na hAstráile | William McKell (1947–1953) | ||||
• Príomh-Aire na hAstráile | Anthony Albanese (2022–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Ard-Chúirt na hAstráile | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 1,675,418,665,067 $ (2022) | ||||
OTI ainmniúil in aghaidh an duine | 54,348.23 $ (2019) | ||||
Onnmhairí iomlána | 464,925,000,000 $ (2022) | ||||
Airgeadra | Dollar na hAstráile | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .au | ||||
Glaochód | +61 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 000, 112 agus 106 | ||||
Cód tíre | AU | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | australia.gov.au |
Is tír í an Astráil atá le fáil idir an tAigéan Ciúin agus an tAigéan Indiach, agus í ar an oileán is mó ar domhan. Is é Anthony Albanese an Príomh-Aire faoi láthair.
Tháinig daoine chun cónaithe sa tír timpeall 40,000 bliain ó shin ar a laghad, sinsir na mBundúchasach atá anois ann. Chruthaigh siad a lán cultúr casta, agus tá a gcuid teangacha ar na cinn is ársa ar domhan. De réir a chéile rinneadh fásach de chuid mhaith den tír, cé go raibh an t-oirthear torthúil go maith i gcónaí.
Ar éigean a bhí eolas ag Eorpaigh ar an Astráil go dtí an seachtú haois déag. Ghlac an Captaen James Cook seilbh ar an tír in ainm na Breataine sa bhliain 1778, agus tugadh New South Wales ar an limistéar thoir mar a raibh an chéad choilíneacht. De réir a chéile bunaíodh coilíneachtaí eile timpeall na tíre, agus rinneadh aon tír amháin díobh, Comhlathas na hAstráile, sa bhliain 1901.
De bhunadh Shasanach agus Éireannach cuid mhór den daonra, ach pobal an-mheasctha atá ann anois, go háirithe sna cathracha, agus neart teangacha le cloisteáil, cé gurb é an Béarla an príomhtheanga[1]. Ba mhór an babhta ar na Bundúchasaigh teacht na nEorpach, agus fuair mórán acu bás de ghalracha agus den lámh láidir, ach tugtar aitheantas anois dá ndúchas.
Córas cónaidhme atá ann, sé stát agus dhá chríoch, agus cúpla oileán ina gcríocha spleácha. Tá timpeall os cionn 20 milliún duine sa tír, agus os cionn 70% de na daoine ina gcónaí i ndeich cinn de na cathracha. Is í an Bhanríon Eilís II ceann an Stáit go fóill, cé nach bhfuil sa Choróin ach comhartha stairiúil anois, agus súil ag mórán daoine go ndéanfar poblacht den Astráil feasta.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá beagnach leath na hAstráile ina fásach agus tá cuid mhaith den fhuílleach neamhthorthúil. Tír ársa shíonchaite atá i gceist, agus ní maith an fód atá ar an gcuid is mó di. Ní raibh ach 15% den talamh oiriúnach don fheirmeoireacht nuair a tháinig na hEorpaigh i ndeireadh an 18ú haois, agus ní bheadh ach 10% insaothraithe anois. San Oirthear atá an talamh is méithe agus an méid uisce is mó, ach rinne na chéad fheirmeoirí díobháil mhór don timpeallacht. Anois, áfach, tá feirmeoirí na hAstráile an-oilte ar thairbhe a bhaint as a gcuid talaimh.
Bhíodh coillte móra in oirdheisceart na tíre, ach leagadh an chuid ba mhó díobh sa 19ú haois. Crainn eocalaipe (a dtugtar crainn ghuma orthu) an cineál is coitianta, agus iad ag cur go maith le tír thirim agus le tinte coille. In oirthuaisceart na tíre tá iarsmaí na gcoillte fearthainne. Meastar gur fhág modhanna cliste dóiteáin na mBundúchasach rian buan ar leagan amach agus ar nádúr na gcoillte.
Tá aird ag an bpobal agus ag na polaiteoirí araon ar chúrsaí comhshaoil anois, ach is cosúil go mbeidh an tír thíos go mór leis an téamh domhanda, agus a laghad sin uisce ann.
Na Stáit
[cuir in eagar | athraigh foinse]- New South Wales, príomhchathair: Sydney
- Queensland, príomhchathair: Brisbane
- An Astráil Theas, príomhchathair: Adelaide
- An Tasmáin, príomhchathair: Hobart
- Victoria, príomhchathair: Melbourne
- An Astráil Thiar, príomhchathair: Perth
Na Críocha Intíre
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Críocha an Tuaiscirt, príomhchathair: Darwin
- Críoch Phríomhchathair na hAstráile, príomhchathair: Canberra
Daonáirimh na hAstráile
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir na mblianta a leanas:
- Beirtear duine amháin gach dhá nóiméad:
- Faigheann duine amháin bás gach trí nóiméad agus dó is tríocha soicind;
- Tagann inimirceach nua gach dhá nóiméad agus cúig soicind;
- Mar gheall air seo tá an daonra ag fás san Astráil de réir aon duine amháin gach dhá nóiméad is dhá shoicind déag.[2]
Flóra na hAstráile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Denoon, Donald, et al. (2000). A History of Australia, New Zealand, and the Pacific. Oxford: Blackwell. ISBN 0-631-17962-3.
- Hughes, Robert (1986). The Fatal Shore: The Epic of Australia's Founding. Knopf. ISBN 0-394-50668-5.
- Macintyre, Stuart (2000). A Concise History of Australia. Cambridge, U.K.: Cambridge University Press. ISBN 0-521-62359-6.
- Powell JM (1988). An Historical Geography of Modern Australia: The Restive Fringe. Cambridge, U.K.: Cambridge University Press. ISBN 0-521-25619-4.
- Robinson GM, Loughran RJ, and Tranter PJ (2000) Australia and New Zealand: economy, society and environment. London: Arnold; NY: OUP; 0-340-72033-6 páipéar 0-340-72032-8 crua).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- About Australia Curtha i gcartlann 2014-12-31 ar an Wayback Machine ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
- Governments of Australia Entry Point (Federal, State & Territory)
- Parliament of Australia: Who's Who Curtha i gcartlann 2012-02-15 ar an Wayback Machine
- Parliament of Australia: Ministry List Curtha i gcartlann 2010-07-07 ar an Wayback Machine
- Community organisations portal Curtha i gcartlann 2010-05-02 ar an Wayback Machine
- Cultural Institutions Curtha i gcartlann 2007-07-14 ar an Wayback Machine
- Australia UCB Libraries GovPubs