Anna Politkovskaya
Iriseoir agus scríbhneoir a bhí in Anna Stepanovna Politkovskaya, née Mazeppa (Rúisise: А́нна Степа́новна Политко́вская). Chaith sí dúthracht a saoil le cearta an duine agus saoirse an phreasa a chur chun cinn sa Rúis, agus sa deireadh fuair sí bás ar a son. Is é an tuiscint a bhí aici ar chogadh na Seisnia ná gur cinedhíothú glan ar na Seisnigh a bhí ann, agus í ag cur in aghaidh an chogaidh.
Ar an 7 Deireadh Fómhair 2006, lámhachadh í nuair a bhí sí ag dul isteach san ardaitheoir sa bhloc árasán ina raibh ina cónaí. Bhí Politkovskaya go tréan in aghaidh an uachtaráin Vladimir Putin.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Anna Mazeppa i Nua-Eabhrac sa bhliain 1958. Úcránaigh ab ea a tuismitheoirí, agus iad ag obair ina dtaidhleoirí sna Náisiúin Aontaithe. Tháinig Anna i gcrann i Moscó, agus sa bhliain 1980 bhain sí amach céim ollscoile ó roinn na hiriseoireachta in Ollscoil Stáit Mhoscó (Moskovskiy Gosudarstvennyi Universitet, MGU).
Phós sí comh-mhac léinn ansin, Aleksandr Politkovskiy, agus saolaíodh beirt chlainne dóibh, mar atá, an iníon Vera agus an mac Ilya.
Chaith sí na blianta 1982-1993 ag obair don nuachtán Izvestiya, agus ina dhiaidh sin don Obshchaya Gazeta. Dhírigh sí ar na fadhbanna sóisialta sa Rúis, go háirithe ar chruachás na dteifeach.
Sa bhliain 1999, thosaigh Politkovskaya ag scríobh don Novaya Gazeta, nuachtán a raibh clú na hiriseoireachta iniúchtaí air.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |