Bithinnealtóireacht
Cuma
Dearadh is táirgeadh feistí meicniúla is leictreonacha leighis a chuireann na forbairtí teicneolaíochta is déanaí i bhfeidhm chun fadhbanna míochaine a réiteach. Mar shampla, na meaisíní a chabhraíonn le diagnóisiú, cosúil le modhanna nua íomháithe, ionstraimí a chabhraíonn le cleachtadh leighis, máinliacht ríomhchuidithe, modhanna feabhsaithe chun drugaí a sheachadadh d'ionaid is orgáin ghalraithe, agus a lán eile.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Bithinnealtóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 76.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |