Bobby Jindal
Polaiteoir Meiriceánach is ea Piyush "Bobby" Jindal (a rugadh 10 Meitheamh 1971). Ball de Theach na nIonaidaithe sa Chomhdháil in Washington, D.C. a bhí ann ó 2005 go dtí 2008 ar son toghcheantair i Louisiana. Ó 14 Eanáir 2008 go 11 Eanáir 2016 bhí Jindal ina ghobharnóir ar an stát céanna. Is ball den Pháirtí Poblachtach é.
Rugadh Bobby Jindal i mBaton Rouge, Louisiana d’imircí ón India. Nuair a bhí sé ina mhac léinn ardscoile d’iompaigh sé ón Hiondúchas go dtí an Chríostaíocht. Bhain sé amach céim bhaitsiléara sa bhitheolaíocht agus san eolaíocht pholaitiúil ag Ollscoil Brown agus ina dhiaidh sin fuair sé scoláireacht Rhodes chuig Ollscoil Oxford, mar ar bhain sé a chéim mháistreachta sa pholaitíocht amach.
Chaith Jindal sealanna ag obair ar chúrsaí sláinte agus mar uachtarán Ollscoil Louisiana. Sa bhliain 2003 rinne sé a chéad iarracht ar phost ghobharnóra Louisiana, ach fuair Kathleen Blanco, bean choimeádach de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh an bua air sa toghchán. D'éirigh leis go héasca, áfach, suíochán a bhaint amach sa Chomhdháil in Washington sa bhliain 2004. Sheas sé arís d’oifig an ghobharnóra sa bhliain 2007. Chuaigh míshástacht vótálaithe Louisiana le rialtas an stáit úd i ndiaidh Hairicín Katrina chun sochair do Jindal agus fuair sé an bua sa toghchán sin. Toghadh arís é mar ghobharnóir sa bhliain 2011.
Is duine coimeádach é Jindal. Tá seasamh láidir tógtha aige i gcoinne an ghinmhillte cé nach bhfuil sé in aghaidh bearta éigeandála arb ionann, dar lena lán, leis an nginmhilleadh féin. Tá sé ar son phionós an bháis. Sa bhliain 2008, bhí Jindal ar na daoine ar chuir foireann John McCain suim iontu mar iarrthóir ar son leasuachtaránacht na tíre, ach i ndeireadh na dála Sarah Palin a roghnaíodh. Sa bhliain 2015 chuir sé feachtas ar siúl ar lorg ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtaigh mar uachtarán na tíre ach ar 17 Samhain 2015 chuir sé an feachtas ar ceal.
Tá Bobby Jindal pósta ar Supriya Jolly, iníon le himircigh Indiacha freisin, ón mbliain 1997 i leith. Tá triúr iníonacha acu.
Nasc seachtrach
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Louisiana Governor Bobby Jindal Curtha i gcartlann 2015-08-11 ar an Wayback Machine suíomh oifigiúil
Is síol faoi scríbhneoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |