Jump to content

Ciorrú ball giniúna ban

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarCiorrú baill ghiniúna ban
cuir in eagar
Cineálgenital modification (en) Aistrigh, female genital trauma (en) Aistrigh agus gortú Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-11GC51 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
MeSHD019093 Cuir in eagar ar Wikidata

Meastar go bhfuil 200 milliún bean ar domhan, idir chailíní agus mhná, a ndearnadh Ciorrú ball giniúna ban[1]Ciorrú baill ghiniúna ban[2] orthu, de réir staitisticí na hEagraíochta Domhanda Sláinte[3]. Déantar an gníomh seo ar chailíní agus iad faoi bhun 15 bliana d’aois de ghnáth.

In amanna baintear an brillín nó déantar páirtshéalú ar an labia[4]. Déantar é go minic faoi choinníollacha míshláinteacha agus de ghnáth ar chailíní in aois 5-8.

Ní bhaineann buntáiste leighis ar bith leis. D’fhéadfadh an gníomh seo a bheith ina chúis le hiarmhairtí fisiciúla nó síceolaíocha ar feadh an tsaoil.

Is nós é atá níos sine ná an Chríostaíocht agus Ioslam araon. Cé nach bhfuil baint aige leis an reiligiún, tá baint dhíreach aige leis an bpatrarcacht, agus is bealach é ciorrú ball giniúna ban chun smacht a fháil ar choirp agus ar ghnéasacht na mban.

Inniu.déantar ciorrú ar bhaill ghiniúna ban i roinnt tíortha, san Afraic go háirithe.

Oideachas
  • Chuir an rialtas Trump deireadh a chur le maoiniú i gcomhair eagraíochtaí a thacaíonn leis an gceart chun ginmhillte sa bhliain 2017[5].
  • Sa Rúis, dí-choiríodh foréigean baile sa bhliain 2017[6].
  • Ritheadh go leor rún sa Pharlaimint na Eorpa inar cáineadh ciorrú baill ghiniúna ban agus an foréigean in aghaidh na mban i gcoitinne[7]. Foilsíodh straitéis AE sa bhliain 2013 i dtaca le deireadh a chur leis an gcleachtas.
Léarscáil, UNICEF

[8]

Tá an cleachtas in aghaidh an dlí san Aontas Eorpach ach déantar é ar chailíní óga ó chúlra inimirce. Meastar go ndearnadh ciorrú ar bhaill ghiniúna leathmhilliún bean san Eoraip[9].

Ceiliúrtar an Lá  Idirnáisiúnta na Neamhfhulaingthe ar Chiorrú Ball Giniúna Ban[10] ar an 6 Feabhra gach bliain.[11]

Téama 2020ː Deis a thabhairt do chumhacht an aosa óig

Téama 2021ː Níor cheart gur thráth na faillí domhanda é: aontaítear agus gníomhaítear agus maoinítear gníomhaíocht chun deireadh a chur le ciorrú ball giniúna baineann.

  1. ""ciorrú ball giniúna ban"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-06.
  2. "ciorrú baill ghiniúna ban - Aistriúchán Gaeilge ar ciorrú baill ghiniúna ban (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2021-02-06.
  3. Parlaimint na hEorpa, agallamh le Malin Björk, feisire AE, 6 Feabhra 2017
  4. "Rinneadh ciorrú baill ghiniúna ar leathmhilliún bean san Aontas Eorpach | Nuacht | Parlaimint na hEorpa" (ga). www.europarl.europa.eu (2018-01-25). Dáta rochtana: 2021-02-06.
  5. Sarah Wildman (2017-04-04). "Women and children last: Trump strips global family planning organization of US funds" (en). Vox. Dáta rochtana: 2021-02-06.
  6. Russia decriminalises some forms of domestic violence, 28 Eanáir 2017, Irish Times
  7. "Procedure File: 2017/2936(RSP) | Legislative Observatory | European Parliament". oeil.secure.europarl.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-02-06.
  8. Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Téama 2021". Dáta rochtana: 2021.
  9. "Rinneadh ciorrú baill ghiniúna ar leathmhilliún bean san Aontas Eorpach | Nuacht | Parlaimint na hEorpa" (ga). www.europarl.europa.eu (2018-01-25). Dáta rochtana: 2021-02-06.
  10. ""Lá Idirnáisiúnta na Neamhfhulaingthe ar Chiorrú Ball Giniúna Ban"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-06.
  11. AE @Europarl_GA (6 Feabhra 2019). "Físeán ar Twitter". Dáta rochtana: 2021.