Corca Laidhe
Ríocht agus dream de shliocht na nDáirine ab ea an Chorca Laidhe nó Laoi (Sean-Ghaeilge Corcu Loígde[1]), le brí Cine Bhandia an Lao.[2][3]
Ainmnithe atá siad as Lugaid Loígde, Rí Teamhrach agus Ard-Rí Éireann, mac Dáire Doimthigh. Glaodh orthu fosta Síol Lughaí mhic Íotha (Sean-Ghaeilge Síl Lugdach meic Itha). Is é a sinsear is cáiliúla ná Lugaid mac Con, de shliocht Lugaid Loígde, a faightear in Baile Chuinn Chétchathaig.
Príomh-rítheaghlach na nDáirine ab ea an Chorca Laidhe, a ríocht lonnaithe in iarthair Chontae Chorcaí. Tiarnaí na nUlad ba ea a ngaol is gairide, an Dál Fiatach.
Achoimre stairiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceannairí na Mumhan ab ea an Chorca Laidhe, agus is amhlaidh dúichí laistigh de, go dtí go luath sa 7ú haois AD, agus an am sin an ríocht is mó ar an oileán. Bhris as a chéile áfach a gcomhaontas ársa le Ríocht an Osraí le teacht i réim na nEoghanacht. D'aistrigh go leor dreamanna a ndílseacht ón gCorca Laidhe go dtí na hEoghanachta, is suntasaí na Múscraige, dream Érann gaolta ach i bhfad amach leis an gCorca Laidhe. Moladh chomh maith ionchuir ón gclann Uí Néill mar mhórthionchar,[4] óir gur mhian leo nach mbeadh choíche duine den Chorca ina rí Teamhrach.
Phós ámh Aimeann, iníon Aonghasa Bhoilg, Conall Corc, agus dá bharr bhí an Chorca Laidhe gaolta le ciorcal laistigh na nEoghanacht.[5][6][7] Bhí stádas ar leith ag an gCorca i saol an ríshleachta nua — níor ríocht cíosaí óir gur iar cheannairí iad, stádas a bhí ag an Osraí fosta.
Sa 12ú haois, tugadh a ríocht ar a dtoil féin le chéile le Deoise Rois, agus bhí cumhacht ar leith ag clann Uí Dhrisceoil mar tiarnaí mara.[8]. Teaghlaigh tábhachta eile ab ea clanna Uí Chofaigh, Uí Laoghaire, Uí Aonghasa, agus Uí Fhloinn (Ó Floinn Arda),[9][10] chomh maith leis an gclann liteartha Uí Dhuinnín. D'fhéadfadh gur bhaill an Chorca iad na clanna Uí Aodha,[11] Uí Chróinín, Uí Dhuinnshléibhe, san áireamh.
Tugadh le chéile leis an mbarúntacht mheánaoiseach Cairbrigh an-chuid de thailte brabúsacha cois cósta a bhíodh i seilbh tráth na Corca Laidhe. Choinnigh clann Uí O'Dhrisceoil a cuid stádas mar theaghlach ríoga faoi cheannas chlann Mhic Cárthaigh Riabhach. Rinneadh an bharúntacht Bheanntraí as roinnt tailte san iarthar a gcríoch.
Is rud ait é nach raibh ach mionghníomhaíocht pholaitiúil as an gCorca Laidhe i ndiaidh na 7ú haoise. D'éirigh ina ábhar seanscéalach a ngradam ársa, lenár chumadh seanscéalta bunúsacha na ríochtaí níos óige. Is é an sága is cáiliúla sa scéalaíocht ná Cath Maige Mucrama.
Is amhlaidh gurbh iar-foríochta an Chorca Laidhe iad na clanna ':Uí Fidgenti agus Uí Liatháin.
Ré Thúdarach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le teacht deireadh na 16ú haoise, ba iad most prosperous families remaining were the Uí Eidirsceoil agus Uí Laoghaire na teaghlaigh is saibhre ar marthain. Bhí roinnt chaisleán ag clann Uí Eidirsceoil i nDún na Séad agus thart timpeall air, ina measc Caisleán Dhún na Séad; agus roinnt ag clann Uí Laoghaire lámh ó dheas de Mhaigh Chromtha.
Tagairtí sna hannála
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach Annála Inis Faithlinn
- AI815.2: Faigheann Forbasach, rí Chorca Laidhe, bás.
Craobh ghinealaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug Seán Ó Donnabháin agus eile faoi dheara gurb é ginealach Chorca Laidhe ar ceann desna ginealaigh is casta atá le fáil sa scéalaíocht Ghaelach, agus caithfear é sin cuimhniú sa chraobh a leanas. Cuireadh roinnt daoibh as ord ag annálaithe meánaoiseacha ó thaobh croineolaíochta de.
Sithbolg | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dáire Doimthech[g 1] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Lugaid Loígde[g 2] | Eochaid Étgudach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Rechtaid Rígderg | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mac Con | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mac Nia[g 3] | Fothad Cairpthech | Fothad Airgthech | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Lugaid | Duach | Eochaid[g 4] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Óengus Bolg[g 5] | Gérán | Threna | Badomna[g 6] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Nath Í na Trí | Maine[g 7] | Aimend[g 8] | Conall Clóen[g 9] | Óengus[g 10] | Mac Eircc[g 11] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eterscél[g 12] | Liadán[g 13] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ciarán Saighre | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ard-Rí eile de chuid an Chorca Laidhe ab ea Eochaid Apthach,[12] ach is deacair é a chur sa ghinealach de bharr a thruailliú roimh Shithbolg.
Ní fheictear thuas an ghlúin tábhachtach de chuid Deda (a quo Clanna Dedad), an comhshinsear is déanaí den Dál Fiatach agus Dál Riata na Uladh agus na hAlban de réir roinnt ginealaigh oifigiúil. Tá leaganacha dá ainm le fáil i roinnt luathghinealaigh an Chorca Laidhe: Deaghmanrach,[13] Deadhmannra agus Deagha Dearg.[14]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Edel Bhreathnach (eag.), The Kingship and Landscape of Tara. Four Courts Press for The Discovery Programme. 2005.
- Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a eagrán athbhreithnithe, 2001.
- Thomas Charles-Edwards, Early Christian Ireland. Cambridge. 2000.
- Myles Dillon, The Cycles of the Kings. Oxford. 1946. Eagrán Four Courts Press, 1995.
- Vernan Hull, "Conall Corc and the Corco Luigde", in Proceedings of the Modern Languages Association of America 62 (1947), ll. 887–909.
- Seathrún Céitinn, The History of Ireland by Geoffrey Keating. 4 Iml. Daithí Ó Coimín & Pádraig Ua Duinnín (aistr.), Londain: David Nutt ar son Irish Texts Society. 1902–14.
- Edward MacLysaght, Irish Families: Their Names, Arms and Origins. Irish Academic Press. 4ú eagrán, 1998.
- Eoin Mac Néill, "Early Irish Population Groups: their nomenclature, classification and chronology", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann (C) 29. 1911, ll. 59–114
- Gearóid Mac Niocaill, Ireland before the Vikings. Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan. 1972.
- Kuno Meyer (eag.), "Conall Corc and the Corco Luigde. From Laud 610, fol. 98 a", in O. J. Bergin et al. (eag.), Anecdota from Irish manuscripts iii (Halle a.S & Baile Átha Cliath 1910), ll. 57–63.
- — (eag.), "The Laud Genealogies and Tribal Histories", in Zeitschrift für celtische Philologie 8. Halle/Saale, Max Niemeyer. 1912, ll. 291–338.
- Donnchadh Ó Corráin, "Corcu Loígde: Land and Families", in Cork: History and Society. Interdisciplinary Essays on the History of an Irish County, eag. le Patrick O'Flanagan agus Cornelius G. Buttimer. Baile Átha Cliath: Geography Publications. 1993.
- — (eag.), Genealogies ó Rawlinson B 502. Cuairte na hOllscoile, Corcaigh: Corpus of Electronic Texts. 1997.
- —, Ireland before the Normans. Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan. 1972. 2a eagrán (Four Courts Press), 2009.
- —, "Prehistoric and Early Christian Ireland", in Foster, Roy (eag.), The Oxford Illustrated History of Ireland. Oxford University Press. 200, ll. 1–52.
- Seán Ó Donnabháin (eag. agus aistr.), Annála Ríoghachta Éireann. Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters, from the Earliest Period to the Year 1616. 7 iml. Acadamh Ríoga na hÉireann. Baile Átha Cliath. 1848–51. 2a heagrán, 1856.
- — (eag. agus aistr.), "The Genealogy of Corca Laidhe", in "Miscellany of the Celtic Society". Baile Átha Cliath. 1849.
- John O'Hart, Irish Pedigrees. Baile Átha Cliath. 5ú heagrán, 1892.
- Diarmuid Ó Murchadha, Family Names of County Cork. Corcaigh: The Collins Press. 2a heagrán, 1996.
- T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 1946.
- Pokorny, Julius, "Beiträge zur ältesten Geschichte Irlands (3. Érainn, Dári(n)ne und die Iverni und Darini des Ptolomäus)", in Zeitschrift für celtische Philologie 12 (1918), ll. 323–57.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corca Laidhe DNA Project
- Notices of Corca Laidhe from various authorities ar Library Ireland
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Leaganacha eile: Corcu Lóegde, Corco Luigde, Corca Laoighdhe, Laidhe
- ↑ Charles-Edwards 2000, lch. 186
- ↑ O'Rahilly 1946, lch. 3
- ↑ Charles-Edwards
- ↑ Byrne 2001, ll. 166,193
- ↑ Charles-Edwards 2000, lch. 611
- ↑ Hull 1947
- ↑ Byrne 2001, lch. 180
- ↑ O'Donovan 1849
- ↑ O'Hart 1892
- ↑ The O'Hea are also given a Dál gCais pedigree by O'Hart, ll. 218–9. Whether this is accurate, erroneous, or there are two distinct septs is difficult to determine.
- ↑ Irish Monarchs of the Race of Ithe
- ↑ O'Donovan 1849, lch. 25
- ↑ O'Donovan 1849, lch. 57 (Genealogy of O'Driscoll)