Is baile é Dùnrath [1] atá suite ar chósta thuaidh Ghallibh i gComhairle na Gàidhealtachd. Bhí caisleán ann tráth, mar a léiríonn an logainm "dún rath ", a bhí faoi úinéireacht William Sinclair as Dùn Bheathadh sa bhliain 1614 agus a raibh daoine ina gcónaí ann go dtí 1863, ach níl ann anois ach fothrach.
Idir 1942 agus 1944 tógadh aerpháirc ann agus ó na 1950idí bhí dhá ghléasra núicléacha ar shuíomh na haerpháirce, chun iarracht a dhéanamh mear-imoibreoir pórúcháin a fhorbairt agus a tháirgeadh, cineál stáisiún cumhachta, agus chun imoibreoirí a thástáil le haghaidh fomhuirí. Tá an chuid is mó de na háiseanna seo dúnta anois agus á ndíchoimisiúnú faoi chonradh deich mbliana ag tosú in 2023, ag críochnú le láithreán páirce donn a chruthú, a aistreofaí chuig An tÚdarás um Dhíchoimisiúnú Núicléach.[2]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.