Dochtúir teaghlaigh
Cineál fostaíochta | dochtúir leighis, primary care physician (en) agus healthcare provider (en) |
---|---|
Réimse oibre | family medicine (en) , cúram príomhúil, primary health care (en) , general medical practice activities (en) agus general practice (en) |
Dochtúir teaghlaigh (general practitioner nó G.P. as Béarla) a thugtar de ghnáth i nGaeilge ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar gach sórt othar i measc an phobail. Déanann sé nó sí scrúdú ar an duine, agus ordaíonn sé leighis i bhfoirm piollaí nó i bhfoirm eile. Is é a bhíonn i gceist le gnáthdhochtúir.
De ghnáth, déanann sé freastal ar othair ina sheomra freastal, agus sa lá atá inniu ann téann cuid mhór dochtúirí leighis i gcleachta i dteannta a chéile i ngrúpaí. Mar sin, is fearr is féidir leo freastal ar ghlaonna práinneacha san oíche nó ag an deireadh seachtaine. Chomh maith leis sin, is mó teacht a bhíonn ag an dochtúir agus ag a chomhghuaillithe ar uirlisí leighis agus cabhair chléiriciúil agus altranais i gcleachta grúpa.
I gcásanna áirithe, cuireann an dochtúir chuig saineolaí nó comhairleoir leighis an othar, chun dianscrúdú a chur air, nó chun freastal ar chásanna an-tinn nó níos casta ná an gnás.
I ndiaidh céime ollscoile sa leigheas a bhaint amach, déanann an dochtúir teaghlaigh traenáil ar feadh ceithre bliana eile i ngnéithe éagsúla den leigheas.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |