Domhnach na Pailme
Cineál | saoire phoiblí lá féile Críostaí |
---|---|
Ainmnithe in ómós | palm branch (en) |
Comóireann sé | triumphal entry into Jerusalem (en) |
Cuid de | An tSeachtain Mhór, Passiontide (en) , Carghas agus Mórfhéilte na hEaglaise Ceartchreidmhí |
Lá | Easter − 7 days (en) |
Príomhábhar | triumphal entry into Jerusalem (en) |
Meán cumarsáide | |
Féile Chríostaí is ea Domhnach na Pailme.[1][2] Ceiliúrtar Íosa Críost ina Rí ag teacht isteach go Iarúsailéim, roimh a Pháis.
An Soiscéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an sliocht faoi theacht Íosa isteach go hIarúsailéim le fáil i ngach ceann de na trí shoiscéil shionaptacha, Matha, Marcas agus Lúcás. Thug an eachtra le tuiscint do lucht leanúna Chríost an fháistine ag an fáidh Zacairiá (9:9-10) faoi theacht an rí, an Meisias.[3]
Marcas 11:1-10.
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "... thug siad leo an searrach go dtí Íosa agus chuir siad a mbrait anuas air agus chuaigh sé ina shuí air. Leath a lán daoine a mbrait ar an mbóthar, a thuilleadh craobhacha a bhain siad sna goirt; agus na daoine a bhí roimhe amach, agus iad siúd a bhí á leanuint, bhí na gártha acu á gcur suas: “Hósana! ...
Tá Íosa ag teacht go humhail go hIarúsailéim, ag marcáiocht ar asal, téacs atá luaite ag Matha (ach nach bhfuil ag Marcas): “Abraigí le hiníon Síón: Féach, tá do rí ag teacht chugat, agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal, ar shearrach beithígh iompair”.
Eoin 12:12-16:
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "... Nuair a chuala an slua go raibh Íosa ag teacht go Iarúsailéim, thóg siad craobhacha pailme agus amach leo ina choinne, agus na gártha á gcur suas acu: “Hósana! ... "[4]
Míniú
[cuir in eagar | athraigh foinse]"Iompraíonn muid craobhacha den chrann pailme agus, muid ag casadh ‘Hósanna’, leanann muid Críost Rí go lúcháireach. Ar an taobh eile, áfach, agus tamall ina dhiaidh sin, tá cealg i bpáis agus i mbás ár dTiarna. Tá sé seo díreach cosúil le dhá thaobh an tsaoil: aoibhneas agus pian, Tabor agus Calvaire. Tá aithne mhaith againn ar an dá thaobh agus mar a athraíonn an saol ó cheann amháin go dtí an ceann eile, ag sníomh scéil atá geal agus dorcha, den bheatha agus den bhás, le ceiliúradh agusle fulaingt".[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó Domhnach na hImrime, Domhnach an Iúir, Domhnach na Slat, nó fiú Domhnach na Toirnéise. "Foclóir Gaeilge–Béarla (Ó Dónaill): Domhnach na Slat" (ga). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-03-28.
- ↑ "Ó DHÚCHAS… ‘Bhí Domhnach na Pailme againn an Domhnach seo caite…’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-14.
- ↑ "Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, Domhnach na Pailme, 29 Márta 2015 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-14. Dáta rochtana: 2019-04-14.
- ↑ "'Your king is coming . . .' Sunday Reflections, Palm Sunday Year B". 'Your king is coming . . .' Sunday Reflections, Palm Sunday Year B. Dáta rochtana: 2019-04-14.
- ↑ An tAthair Seán Mac Aoidh SP, An Spidéal (2018). "Leathanach don Cheiliuraí". Dáta rochtana: 2021.
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |