Douglas Adams
Cuma
Scríbhneoir Sasanach ab ea Douglas Noël Adams (11 Márta 1952 – 11 Bealtaine 2001). B'aisteoir raidió agus ceoltóir amaitéarach é freisin.
Tá clú agus cáil air mar gheall ar an tsraith "Hitchhiker's Guide to the Galaxy".[1] Thosaigh an tsraith ar an raidió, ach bunaíodh cúig leabhar, sraith theilifíse, cluiche ríomhaire agus scannán air. Bhí a stíl féin go paiteanta aige mar údar, acmhainn mhaith grinn ann agus lán le diabhlaíocht.
Chomh maith le "Hitchhiker's Guide to the Galaxy", scríobh Douglas Adams trí scéal ón gclár ficsean eolaíochta Doctor Who. Scríobh sé úrscéalta Dirk Gently freisin.
Bhí cáil air freisin mar gníomhaí timpeallachta.
Fuair sé bás sa bhliain 2001 (taom croí) agus é 49 bliain d'aois.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "BBC Radio 4 - The Hitchhiker's Guide to the Galaxy - How Douglas Adams changed the future" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2019-02-03.
- ↑ "BBC Radio 4 - Great Lives, Series 46, Mark Carwardine on Douglas Adams" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2019-02-03.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |