Eiliosaibeit
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 haois "RCh" Heabrón (Herodian Kingdom of Judea) |
Bás | 1 haois |
Ardú | |
Lá féile | 5 Samhain |
Teaghlach | |
Teaghlach | Árón agus Léivíteach |
Céile | Zachairias |
Páiste | Eoin Baiste, John the Baptist in Islam (en) |
Duine muinteartha | Muire (luach anaithnid) Íosa Críost (luach anaithnid) |
Croineolaíocht | |
An Chuairt |
Máthair Eoin Baiste, bean chéile Zacairiá,[1] ab ea Eiliosaibeit nó Eilís.[2] Ba chol ceathracha iad Muire agus Eiliosaibeit.[3] Ba dheirfiúracha iad Anna, máthair Mhuire, agus Seismeiria, máthair Eiliosaibeit.[4] Sa Bhíobla, lánúin aosta ba ea Eiliosaibeit agus Zacairiá, agus ní raibh clann ar bith acu; bhí siad ag 'feitheamh go foighneach go gcuirfí plean Dé' i gcrích.[5] Sagart sa Teampall ba ea Zacairiá. Lá amháin nuair a bhí túis á dhó ag Zacairiá ag an altóir, tháinig aingeal ina láthair. Seo an scéal:
"Mhair sagart darbh ainm Zacairiá agus a bhean Eiliosaibeit in aice Iarúsailéim, 400 bliain tar éis atógáil bhallaí na cathrach. Bhí siad pósta le blianta fada ach ní raibh aon chlann orthu. Lá amháin nuair a bhí Zacairiá ag ofráil túise i sanctóir an teampaill, tháinig an t-aingeal Gaibriéil ina láthair. .. dúirt Gaibriéil leis: ‘.. Beidh mac ag do bhean, Eiliosaibeit, agus tabharfar Eoin mar ainm air. .. In am tráth, rugadh buachaill beag d’Eiliosaibeit",[6]
Mar sin, bhí mac ag Eiliosaibeit, Eoin Baiste.
Ealaín
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tá ‘The Visitation’, le feiceáil san Eaglais Naomh Peadair & Phóil i mBaile Brigín, i measc na saothar is fearr a chruthaigh Harry Clarke.[7] Léirítear uirthi cuairt Mháire ar a col ceathrar Eilís, máthair Eoin Baiste.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ""Zacairiá" ach feictear Zachairias fós". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-11-05.
- ↑ Matha 11:7-14; Lúcás 1:5-25, 57-79; Íseáia 40:3; Malaicí 3:1
- ↑ education.dublindiocese.ie. "Beo go Deo 2 / Tearma 1: Ceacht 13". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Blúire de shoiscéal apacrafúil Gaeilge a breacadh i mBréifne sa 14ú haois. Feasta 64 (12), Nollaig Ó Muraíle. 2011-12-01, Leathanach: 19-23
- ↑ growinlove.ie. "FAIGHEANN ZACHAIRIAS AGUS EILIOSAIBEIT DEASCÉALA". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ https://www.jw.org/ga/foilseach%C3%A1in/leabhair/ceachtanna-on-mbiobla/11/zachairias-eiliosaibeit-eoin/
- ↑ "Fuinneoga Harry Clarke" (ga). Fingal County Council. Dáta rochtana: 2021-08-29.