Hajj
| ||||
Cineál | oilithreacht Fard (en) | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Cúig cholún Ioslam | |||
Tír | an Araib Shádach | |||
Eagraí | Ministry of Hajj and Umrah (en) | |||
Rannpháirtí | ||||
Críochphointe | Meice, An Araib Shádach | |||
Reiligiún | Ioslam | |||
Is cúis le | Hajji (en) | |||
Meán cumarsáide | ||||
Codanna | ||||
Is oilithreacht í an Hajj,[1] sa chathair Meice san Araib Shádach. Is í Meice an chathair is naofa in Ioslam. Tá al-Masjid al-Haram ("An Mosc Naofa") suite sa chathair, agus is é an áit is naofa ar domhan, de réir na Moslamach.
Mar sin, tá oilithreacht bhliantúil ann, an Hajj. Tá sé ar na cúig dhualgais reiligiúnacha atá ar gach Moslamach an Hajj a dhéanamh, uair amháin ar a laghad i saol an duine.
Féilire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tarlaíonn an Hajj i mí Du al-Hijja, an mhí dheireanach i bhféilire Ioslamach na gealaí.
Glacann na milliúin Moslamach páirt sa Hajj gach bliain. Áirítear an oilithreacht ar an slógadh is mó bliantúil de dhaoine ar domhan.
Tubaistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn an Déardaoin ar an lá is contúirtí den Hajj gach bliain, mar go dtiteann sé ar Eid al-Adha, lá a maraíonn Moslamaigh caora agus de bharr go mbíonn an oiread sin oilithrigh ag marú na n-ainmhithe san aon áit amháin, ag an am céanna.
Ar an 24 Meán Fómhair 2015 maraíodh timpeall 2,500 duine[2] agus gortaíodh na céadta le teann brú nuair a thosaigh táinrith in aice Meice. Tharla an brú ar shráid "204" i gcampa sa chathair Mina, áit a bhfanann na hoilithrigh, cúpla míle soir ó Mheice.[3]
Dúirt an rialtas nach maraíodh ach 700, agus go raibh a locht fhéin ar roinnt oilithreach mar nár lean siad treoracha faoi mar ba cheart dóibh.[4]
Bhí fiosrúchán iomlán ordaithe ag Rí na hAraibe Sádaí, Salman, faoin mbealach a n-eagraítear an oilithreacht bhliantúil. Ach dúirt Rialtas na hIaráine gur chóir don Araib Shádach freagracht iomlán a ghlacadh as ar tharla.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““hajj” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-23.
- ↑ "2015 Mina stampede" (as en) (2023-04-21). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ
- ↑ Nuacht RTÉ (2015-09-25). "Bainistiú na hoilithreachta Haj cosanta" (as ga).