Hipirchiúb (matamaitic)
Cuma
Cineál | regular convex polytope (en) agus hyperrectangle (en) |
---|---|
Siombail Schläfli | {4,3ⁿ⁻²} |
Polatóp déach | cross-polytope (en) |
Tuilleadh eolais | |
MathWorld | Hypercube |
Sa mhatamaitic, analóg cheathairthoiseach ciúib. I gciúb tagann 4 aghaidh chearnach le chéile ag gach stuaic, ach i hipirchiúb tagann 4 chiúb le chéile ag gach stuaic. Chun ciúb a tharraingt ar páipéar, is gá an ciúb tríthoiseach a léiriú ar dhromchla déthoiseach. Chun hipirchiúb a tharraingt ar páipéar, is gá an hipirchiúb ceathairthoiseach a léiriú ar pháipéar déthoiseach. Sa léiriú seo, tugann gach ciúb aghaidh ar 6 cinn eile, agus tagann 4 chiúb le chéile ag gach stuaic. Sa léiriú bíonn ciúb amháin mór, ciúb eile beag, agus cuma pirimidí barrscoite ar na 4 cinn eile.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Hipirchiúb". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 348.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann leis an matamaitic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |