Iarann
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus miotal |
---|---|
Iarann sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Fe |
Uimhir adamhach | 26 |
Mais adamhach | 55.845 |
Cumraíocht leictreon | [Ar] 3d⁶ 4s² |
Peiriad, Grúpa | peiread 4 grúpa 8 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | 7.874 kg/m⁻³ |
Leáphointe | 1,538 |
Fiuchphointe | 2,861 |
Leictridhiúltacht | 1.83 |
Ga ianach | 0.63, 0.61, 0.92, 0.49, 0.55 agus 0.78 |
Stair | |
Aimsitheoir | luach anaithnid |
Fionnachtain | 5 mílaois "RCh" |
Is dúil cheimiceach é an t-iarann. Is é an miotal is tábhachtaí atá ann ó thaobh na gnáthúsáide de. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 26, agus is é an tsiombail cheimiceach ná Fe. Tá sé ar an mbeagán dúl a bhfuil fearómaighnéadas iontu - is é sin, tarraingíonn na maighnéid iarann, agus is féidir smután iarainn a iompú ina mhaighnéad.
Tá an t-iarann an-fhlúirseach i screamh an Domhain - glactar leis go bhfuil sé ar an gceathrú dúil is flúirsí ansin. Níl sé gann san Ollchruinne ar fad ach oiread, nó tá sé ar ceann de na dúile is troime a chruthaítear sna gnáthréaltaí - dúile is troime ná é, tá ollnóva de dhíth le hiad a chruthú.
Tá trí iseatóp cobhsaí ag an iarann, mar atá, Fe-56 (91.72 % d'iarann an dúlra), Fe-57 (2.2 % d'iarann an dúlra), agus Fe-58 (0.28 % d'iarann an dúlra). Thairis sin, tá aon iseatóp radaighníomhach amháin ar fáil sa dúlra, Fe-54 (5.8 % d'iarann an dúlra), agus is í an leathré atá aige ná 3.1 x 1022 bliain (31,000,000,000,000,000,000,000 bliain).
Ní féidir teacht ar an iarann i bhfoirm na dúile, áfach. Ní mór é a bhaint as an iarnmhianach agus a dhí-ocsaídiú. Cé go bhfuil an t-iarann an-úsáideach mar mhiotal, tagann meirg air go héasca. Is éard atá ann, mar mheirg, ná trí-ocsaíd iarainn, nó Fe2O3. Leis an iarann a dhéanamh díonta ar an meirg, measctar miotail eile tríd. Thar aon rud eile, áfach, is leis an gcarbón a chóimhiotalaítear an t-iarann, ionas go bhfaightear cruach. I bhfoirm cruach is mó a úsáidtear an t-iarann.
Ceimic an Iarainn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí agus is coitianta ná +II agus +III. Is iad comhdhúile an iarainn (III) a aithnítear ar dhath deargrua na meirge. Bíonn dath uaine i gcomhdhúile an iarainn (II). Is ionann an mheirg agus an dé-ocsaíd trí-iarainn, nó ocsaíd an iarainn (III), Fe2O3. Tá dhá ocsaíd eile ag an iarann, an ocsaíd mheasctha Fe3O4, ina bhfuil idir iarann (II) agus iarann (III), agus í i bhfad níos cobhsaí ná ocsaíd ghlan an iarainn (II), FeO. Bíonn sé deacair FeO a tháirgeadh, agus is dual don ocsaíd seo claochlú go hiarann agus Fe3O4. Tugtar díréiriúchán (Béarla: disproportionation) ar an gcineál seo próiseas, nó ocsaídítear cuid d'adaimh an iarainn (ó Fe2+ go Fe3+) agus dí-ocsaídítear cuid eile (ó Fe2+ go Fe).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |