Jump to content

John Crown

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn Crown

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Márta 1957
67 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na hÉireann
25 Bealtaine 2011 – 9 Feabhra 2016
Téarma parlaiminte: 24ú Seanad Éireann

Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Coláiste Thír An Iúir Duibhe
Ollscoil Stáit Nua-Eabhrac
Coláiste Eoin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinjohncrown.ie Cuir in eagar ar Wikidata

X: ProfJohnCrown Cuir in eagar ar Wikidata

Is oinceolaí comhairleach agus ba sheanadóir é an tOllamh John Crown (rugadh 1 Márta 1957 i Nua-Eabhrac).

Imircigh Éireannacha i Nua-Eabhrac a bhí i dtuismitheoirí John Crown. D'fhill siad ar Éirinn sa bhliain 1967.

Bhain Crown a dintiúraí leighis amach i gCOBÁC agus ina dhiaidh BSc i bpaiteolaíocht san ollscoil chéanna. Oiliú é i leigheas ginearálta agus oinceolaíocht i mBaile Átha Cliath, Sasana agus Nua-Eabhrac.

D'fhill sé go hOspidéal Naomh Uinseann agus Lúcas sa bhliain 1993. Is saineolaí é ar an oinceolaíocht agus é ag díriú isteach ar ailse brollaigh agus meileanóma.

Is ollamh de chuid COBAC é agus suim ar leith aige i dtaighde bainteach le hailse brollaigh.

Toghadh é go Seanad Éireann i 2011 ar phainéal NUI ach níor sheas sé arís i 2016.

Phós sé don tarna uair sa bhliain 2014 le Orla Murray agus rugadh mac, James, dó féin agus Orla sa bhliain 2015.

Dhearbhaigh John Crown sa bhliain 2011 go bhfuil míthuiscint ann gur tháinig méadú mór ar líon na bpáistí a rugadh le máchail sna blianta a lean an Tubaiste Shearnóbail, ach nach raibh na fíricí ann chun é sin a chruthú[1] agus dúirt sé nach raibh fianaise eolaíoch ann go ndearna tionóisc Chernobyl an méid dochair do shláinte phoiblí is a deirtear.

  1. maynoothuniversity.ie. "Searnbail - Vifax". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-28. Dáta rochtana: 2020.