Josh Ritter
(2009) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Deireadh Fómhair 1976 47 bliana d'aois Moscow, Idaho |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Oberlin Ardscoil Jefferson Ardscoil Moscow |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí is scríbhneoir, cumadóir amhrán, amhránaí, ceoltóir, ealaíontóir taifeadta |
Tréimhse oibre | 1997 – |
Seánra | Ceol tíre agus ceol tuaithe |
Uirlis | Pianó agus ceol gutha |
Lipéad ceoil | Signature Sounds Recordings |
Ghlac sé/sí páirt i | |
21 Iúil 2022 | Calgary Folk Music Festival 2022 (en) |
Teaghlach | |
Céile | Dawn Landes (2009–2011) |
Suíomh gréasáin | joshritter.com |
Is amhránaí-cumadóir ceoil Meiriceánach é Josh Ritter a rugadh i Moscow, Idaho i 1976. Ba néareolaithe iad a thuismitheoirí. Thosaigh Ritter ag cumadh ceoil agus é ag freastáil ar Choláiste Oberlin. D'athraigh sé a phríomhábhar ó eolaíocht néarchórais agus d'fhág sé coláiste agus é cáilithe le phríomhábhar i Stair Mheiriceá agus Scéalcheoltíre. Tar éis dó a chéim a bhaint amach, thaistil sé go hAlbain chun freastal ar Dhaonscoil na hAlban.
Tá an stíl atá aige i dtraidisiún an cheoil tíre agus na mbailéad - é faoi thionchar Bob Dylan, Bruce Springsteen agus Leonard Cohen, i measc daoine eile - le béim ar íomhánna chasta le liricí shimplí.
Bhí Ritter i láthair ag Féile Cheoil Tíre Newport 2002, Féile Oxegen 2005 agus bhí sé ar an gceannlíne le leithéidí Joan Baez. D'eisigh Baez a leagan fhéin d'amhrán de chuid Ritterr, "Wings." Tháinig an chéad fhadcheirnín le Ritter Hello Starling isteach ag uimhir a dó i gcairteacha na hÉireann, ait a bhfuil lucht leanúna dílis ag Ritter. Síníodh é leis an lipéad Meiriceánach, V2 Records, i 2005 agus atheisíodh Hello Starling. Ar an 19ú Aibreán, 2006, eisíodh a albam is déanaí The Animal Years le léirmheasanna iontacha. Eisíodh in Éirinn an 5ú albam ó Ritter, The Historical Conquests of Josh Ritter, ar an 7ú Meán Fómhair, 2007.
Misc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mhol Stephen King The Animal Years mar an albam is fearr i 2006 in alt a scríobh sé do Entertainment Weeklyalt Curtha i gcartlann 2011-11-24 ar an Wayback Machine.
Tá cónaí air i mBrooklyn lena bhean Dawn Landes. Is amhránaí-cumadóir ceoil í Dawn freisin.
Shínigh Josh beart leabhair le Random House i 2009. Tá sé i mbun a chéad úrscéal a scríobh darbh ainm Bright's Passage a seolfar i 2011.
Dlúthdhioscaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Albaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Josh Ritter 1999 (Féin-Eisithe)
Golden Age Of Radio 2001 (Céad-Eisiúint), Eanáir 22 2002 (Ath-Eisiúint)
Hello Starling Meán Fómhair 9 2003
The Animal Years Márta 20 2006 (Sasana), Aibreán 11 2006 (SAM)
In The Dark - Live At Vicar Street Samhain 24 2006 (Éireann amháin)
The Historical Conquests of Josh Ritter 7ú Meán Fómhair 2007 in Éirinn
So Runs the World Away 2010 (17ú Aibreán, 2010 SAM, Aibreán 23ú, 2010 in Éirinn, Bealtaine 4ú, 2010 gach ait eile)
EPanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Come & Find Me EP Athmheascadh 2002
4 Songs Live EP Feabhra 22 2005
Good Man EP Lúnasa 18 2006 (Éireann amháin)
Girl In The War EP Lúnasa 29 2006, (iTunes EP digiteach) Samhain 27 2006 (Sasana)
Live at the Record Exchange EP Eanáir 30 2007
Live at the 9:30 Club Aibreán 19 2008
Singil
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Hello Starling (Snow Is Gone) (Sasana) (Bealtaine 31, 2004)
- Thin Blue Flame (SAM) (2005)
- Lillian, Egypt (Sasana) (Bealtaine 29, 2006)
- Wolves (SAM) (Iúil 25, 2006)
- Mind's Eye (Deireadh Fómhair 15, 2007)
- Right Moves (Nollaig 17, 2007)
- Empty Hearts (Márta 31, 2008)
- Real Long Distance (Bealtaine 5, 2008)
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil
- Signature Sounds
- Josh Ritter Ar Líne Curtha i gcartlann 2006-08-20 ar an Wayback Machine
- Suíomh Oifigiúil Lucht Leanúna Josh Ritter Curtha i gcartlann 2006-02-07 ar an Wayback Machine
- American Gothic - agallamh le Josh Ritter
- Fabchannel.com - Físeán de cheolchoirm Josh Ritter in Amsterdam 2006
- Josh Ritter collection Cartlann Cheoil Beo