Jump to content

Le Corbusier

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLe Corbusier

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Charles-Édouard Jeanneret Cuir in eagar ar Wikidata
6 Deireadh Fómhair 1887
La Chaux-de-Fonds, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Lúnasa 1965
77 bliana d'aois
Roquebrune-Cap-Martin, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaRoquebrune-Cap-Martin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAiltireacht
Gairmailtire, maisitheoir, ealaíontóir teicstílí, amharcealaíontóir, dearthóir, grianghrafadóir, scríbhneoir, pleanálaí, péintéir, dealbhóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtAiltireacht nua-aimseartha, brúidiúlachas agus purism (en) Aistrigh
Mac/iníon léinn de chuidAuguste Perret
Mac/iníon léinnOlivier Debré, Roger Aujame (en) Aistrigh agus Edith Schreiber-Aujame
TeangachaAn Fhraincis
GníomhaireArtists Rights Society
Ghlac sé/sí páirt i
11 Iúil 1959Documenta II Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileYvonne Le Corbusier Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGeorges-Édouard Jeanneret
SiblínAlbert Jeanneret
Duine muintearthaPierre Jeanneret (col ceathar) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0179285 Allocine: 37180 TMDB.org: 1315052
Discogs: 3023062 Goodreads author: 14524 Find a Grave: 6759 Cuir in eagar ar Wikidata

Ailtire agus dearthóir intí ba ea Charles-Édouard Jeanneret-Gris, nó Le Corbusier (6 Deireadh Fómhair 188727 Lúnasa 1965), ceannródaí an deartha agus na hailtireachta sa 20ú haois.

1933

Tháinig forbairt ar a smaointe i bPáras i gcoinne an chúlra bríomhar ealaíonta sna 1920idí. I saol an deartha, bhí cur chuige nua aige maidir le cruth, líne, úsáid dathanna, ábhair agus uigeachtaí (Íonaíochas) , ach tá íogaireacht dhaonna a saothair fós ag spreagadh dearthóirí sa lá atá inniu ann.

Dhear sé roinnt mhaith foirgneamh san Eoraip, agus d'oibrigh sé ag pleanáil cathracha chomh maith.

Baineann a dhearadh dealbhach brúidiúil, mar a thugtar air, úsáid as comhcheangail neamhchoitianta ábhar: coincréit amh, miotal rioctha is a leithéid.

Ba ealaíontóir avant garde a bhí ann, agus bhí sé go síoraí ag obair le gluaiseachtaí ealaíne nua. Bhí sár-tionchar aige ar ailtireacht agus b'é gan dabht, an t-ailtire Eorpach ba cháiliúla sa 20ú haois.

1965

Dhear Le Corbusier troscán freisin. Thug sé a troscán nua-aimseartha agus maisiú inmheánach drámatúil, íostach le chéile trí úsáid a bhaint as coincheapa nuálacha maidir le dathanna, uigeachtaí agus ábhair.

Rugadh agus tógadh Charles-Édouard Jeanneret-Gris i La Chaux-de-Fonds, baile i dtuaisceart na hEilvéise.

Sa bhliain 1908 bhog sé go Páras na Fraince agus d'oibrigh sé le Auguste Perret go dtí 1910.

D'oibrigh sé leis an ailtire Peter Behrens ansin i 1910-1911 agus d'fhoghlaim sé an Ghearmáinis.

Thaistil sé timpeall na hEorpa sa bhliain 1911.

Sa bhliain 1917, bhunaigh sé féin agus a chol ceathrar, Charles Jeanneret, comhlacht ailtireachta san Eilvéis.

Villa turc (Schwob), La Chaux-de-Fonds 1916

Sa bhliain 1918 chas sé le Amédée Ozenfant.

Bhí sé ag snámh san fharraige in aice le Monaco nuair a bhuail taom croí é, ar an 27 Lúnasa 1965. Bhí sochraid ollmhór air sa Louvre i bPáras.

Charles-Édouard Jeanneret

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Après le cubisme, avec Amédée Ozenfant, Páras 1918
  • Vers une architecture, Páras 1923
  • Urbanisme, Páras 1924
  • L'art décoratif aujourd'hui, Páras 1925
  • Almanach d'architecture moderne, Páras 1925
  • Architecture d'époque machiniste, Páras 1926
  • Requête adressée à la Société des Nations, avec Pierre Jeanneret, Páras 1928
  • Une maison, un palais, Páras 1928
  • Le Corbusier, Weissenhof, Stuttgart, 1937
    Précisions sur un état présent de l'architecture et de l'urbanisme, Páras 1930
  • Clavier de couleur Salubra, Bâle 1931
  • Requête à Monsieur le président du Conseil de la Société des Nations, avec Pierre Jeanneret, Páras 1931
  • Croisade ou le crépuscule des académies, Páras 1933
  • La ville radieuse, Boulogne, 1935
  • Aircraft, Londres - Nua-Eabhrac 1935
  • Quand les cathédrales étaient blanches, Páras 1937
  • Les tendances de l'architecture rationaliste en rapport avec la peinture et la sculpture, Rome 1937
  • Îlot insalubre numéro 6, avec Pierre Jeanneret, Páras 1938
  • Des canons, des munitions ? Merci, des logis SVP, Boulogne 1938
  • Le Corbusier, Weissenhof, Stuttgart
    Destin de Paris, Páras - Clermont-Ferrand 1941
  • Sur les quatre routes, Páras 1941
  • La maison des hommes, avec François de Pierrefeu, Páras 1942
  • Les constructions murondins, Páras - Clermont-Ferrand 1942
  • La Charte d'Athènes, Páras 1943 (adaptation pour la publication)
  • Le Corbusier, Bagdad, 1956-1980
    Les trois établissements humains, Páras 1945
  • Propos d'urbanisme, Páras 1946
  • Manière de penser l'urbanisme, Boulogne, 1946
  • U.N. headquarters, Nua-Eabhrac 1947
  • New world of space, Nua-Eabhrac, 1948
  • Le Corbusier, Berlin, 1959
    Grille C.I.A.M. d'urbanisme : mise en application de la Charte d'Athènes, Boulogne 1948
  • Le modulor, Boulogne 1950
  • Les problèmes de la normalisation : rapport présenté au Conseil économique, in La charte de l'habitat, vol.1, Páras 1950
    Le Corbusier, Weissenhof, Stuttgart
  • L'unité d'habitation de Marseille, Souillac - Mulhouse 1950
  • Poésie sur Alger, Páras 1950
  • Une petite maison Curtha i gcartlann 2006-02-10 ar an Wayback Machine, Zurich 1954
  • Le Modulor II (La parole est aux usagers), Boulogne 1955
  • Architecture du bonheur, l'urbanisme est une clef, Páras 1955
  • Le Poème de l'angle droit, Páras 1955
  • Les plans de paris : 1956-1922, Páras 1956
  • Von der Poesie des Bauens, Zurich 1957
  • Entretien avec les étudiants des écoles d'architecture, Páras 1958
  • Second clavier des couleurs, Bâle 1959
  • L'atelier de la recherche patiente, Páras 1960
  • Orsay Paris 1961, Páras 1961
  • Le voyage d'Orient, Páras 1966
  • Mises au point, Páras 1966
  • Les maternelles vous parlent, Páras 1968
  • Choix de lettres, sélection, introduction et notes par Jean Jenger, éd. Birkaüser, 2002, 568 p.
  • Conférences de Rio (1936). Introduction, établissement du texte et notes par Yannis Tsiomis. Páras, Flammarion, 2006.

Bhí sé ar nóta bainc 10-franc na hEilvéise. Tá dhá Place Le Corbusier ann, ceann amháin i bPáras gar do shuiomh a atelier ar an Rue de Sèvresagus agus ceann eile ina bhaile dúchais, La Chaux-de-Fonds. I Laval i Québec atá Boulevard Le Corbusier. Tá sráid Le Corbusier i mBrossard i Québec, agus tá ceann eile le fáil i Malvinas Argentinas i gCúige Buenos Aires na hAirgintine.

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]