Lester Piggott
(1955) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Samhain 1935 Wantage, England |
Bás | 29 Bealtaine 2022 86 bliana d'aois an Ghinéiv, An Eilvéis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | jacaí, traenálaí capall |
Tréimhse oibre | 1945 – |
Teangacha | Béarla |
Spórt | spórt eachaíochta |
Eile | |
Athair | Keith Piggott agus Iris Rickaby |
Ciontaíodh i | calaois chánach (1987) |
Gradam a fuarthas | |
Jacaí Sasanach ba ea Lester Piggott (5 Samhain 1935 - 29 Bealtaine 2022). Bhuaigh sé an Epsom Derby (9 -n-uaire), an Oaks (6), Rásaí na nGiní (7) agus an St. Leger (8).
Muintir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa mbliain 1793 a saolaíodh a shin-sin-seanathair (ó thaobh a mháthar) John Barham Day a bhuaigh 12 rás Clasaiceach mar mharcach agus seacht gcinn mar thraenálaí idir 1838 agus 1854.[1]
Bhí a shliocht ón taobh eile beagnach chomh cáiliúil céanna – stáblaí ag a athair mór Ernie Piggott (1878-1967) in Oxfordshire agus ag athair Lester, Keith, in Lambourn.
Leis an léimrásaíocht ba mhó a bhíodh an bheirt sin luaite. Trí huaire a bhí Ernie ar mhuing capaill a bhuaigh an Grand National. Bhuaigh Keith Piggott Champion Hurdle mar mharcach i 1939 agus ba é a thraenáil Ayala, buaiteoir an National i 1963.[1]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]1.73m ar airde a bhí Piggott agus chaith sé an chuid eile dá shaol marcaíochta ag troscadh agus ag seargadh. Bhí a stíl féin aige agus é sa diallait, a thóin níos airde san aer ná mórán chuile mharcach eile.
Ní raibh Piggott ach 12 bliain d’aois nuair a bhuaigh sé rás den chéad uair agus sé bliana lena chois sin nuair a bhuaigh sé an Derby i 1954.[1]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chaith Piggot blianta ina mharcach-stábla ag Vincent O’Brien i mBaile Dúill i gcontae Thiobraid Árann, san áit a raibh Aidan O’Brien níos déanaí. Ba é an Brianach a thraenáil cuid mhaith de na capaill a bhuaigh rásaí móra Shasana do Piggott mar aon le cúig Derby agus na déaga de rásaí clasaiceacha. Tháinig Piggot ag iomaíocht chuig traiceanna beaga in Éirinn chomh maith.[1]
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sprionlóir amach agus amach ab ea Piggot, tréith ar íoc sé go daor as nuair a chaith sé bliain i bpríosún siocair nach raibh a chuid cánach íoctha aige mar ba chóir.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Mártan Ó Ciardha (5 Mei. 2022). "Bhí na ‘pórlínte’ go maith ag an sármharcach Lester Piggott" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-05.
- ↑ "Haydock Park" (en-gb). www.thejockeyclub.co.uk. Dáta rochtana: 2022-06-05.