Ludwig Wittgenstein
Fealsamh Ostarach a bhí i Ludwig Josef Johann Wittgenstein (a rugadh: i Vín 26 Aibreán 1889 agus a d'éag: Cambridge 29 Aibreán 1951), duine a bhí ina réamhtheachtaí d’fhealsúnacht iar-nua-aoiseach.
Bhí sé ina shaineolaí tábhachtach ar an loighic agus ar fhealsúnacht na teanga. Is iad an dá shaothar is mó le rá leis ná Tractatus logico-philosophicus ("An Tráchtas Loighciúil Fealsúnach") agus Philosophische Untersuchungen ("Fiosruithe Fealsúnacha"). Is iad na posaitíbhigh loighciúla agus lucht leanúna na fealsúnachta anailísí teanga is mó a tharraingíonn ar a shaothar inniu.
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba iad Karl Wittgenstein, fear mór gnó agus tionsclaíochta in Impireacht na hOstaire is na hUngáire, agus a bhean chéile Leopoldine Kalmus tuismitheoirí Ludwig. Bhí an teaghlach as cuimse saibhir, agus saolaíodh seachtar clainne don lánúin roimh Ludwig, a bhí ar an duine ab óige acu go léir. Pianódóir maith a bhí i Leopoldine, agus ba fear ardchultúrtha é an t-athair a thug urraíocht dá lán ealaíontóirí.
Tógadh Ludwig le Caitliceachas, cé go raibh fuil Ghiúdach ann ó thaobh na dtaobhann. Bhí bua na ceoltóireachta is na hintleachtúlachta ag an gclann go léir, ach ón taobh eile de, chuir triúr acu lámh ina mbás féin. Bhí deacrachtaí anama ag Ludwig féin, go háirithe sna blianta tar éis an Chéad Chogadh Domhanda, nuair a bhí lionn dubh agus dúlagar intinne ag luí air.
Innealtóir agus saighdiúir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Wittgenstein staidéar ar innealtóireacht i mBeirlín, agus i ndiaidh dó céim a bhaint amach ansin, chuaigh sé go Manchain, Sasana, agus d'fhéach sé le inneall eitleáin de chineál nua a fhorbairt ansin. Sa bhliain 1911, áfach, casadh Gottlob Frege, fealsamh Gearmánach, air i Jena, agus faoi thionchar na teagmhála seo, d'éirigh sé as an innealtóireacht le dúthracht a shaoil a chaitheamh leis an bhfealsúnacht. Chuaigh Wittgenstein go Cambridge le staidéar a dhéanamh ar an bhfealsúnacht faoi cheannas Bertrand Russell. Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh sé ag obair ar an Tractatus logico-philosophicus.
Tháinig an Chéad Chogadh Domhanda aniar aduaidh ar Wittgenstein, ach mar sin féin, chuaigh sé sna saighdiúirí go toilteanach. Throid sé in Arm Impiriúil na hOstaire, agus é ina oifigeach airtléire. Chruthaigh sé go maith ina shaighdiúir, agus bhain sé amach boinn chalmachta. Ar dtús, bhí sé ag cur catha ar na Rúisigh, agus ina dhiaidh sin, ar na hIodálaigh. Chimigh na hIodálaigh é in aice le Trentino go gairid roimh dheireadh an chogaidh.
Bhí Wittgenstein ag breacadh síos nótaí le linn an chogaidh, agus cé gur saighdiúir maith a bhí ann, bhí fuath na ndaol aige ar shuarachas an tsaoil mhíleata. Roimh an gcogadh, ní raibh mórán measa aige ar an reiligiún, ach faoi thionchar scríbhinní reiligiúnacha Tolstoy chuaigh sé le creideamh is le cráifeacht, ionas gur thosaigh na saighdiúirí eile "fear an tsoiscéil" a thabhairt air, an dóigh a mbíodh sé ag iompar an Bhíobla leis.
Cambridge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Idir 1929 - 1947, mhúin Wittgenstein an fhealsúnacht ag Ollscoil Cambridige.
Níos déanaí, mhol Wittgenstein dá mhicléin éirí as an bhfealsúnacht agus ceird ar fónamh a fhoghlaim.[1]
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhéach Wittgenstein ar an saol inmheánach in intinn an duine agus na slite a bhain sé seo le teanga. Chreid sé go ndeachaigh fealsúnacht amú nuair a d’fhéach sí le brí eisintiúil mheitifisiciúil a mhúnlú as teanga – rud nach bhfuil eisint inti.[3] Deir sé: “Philosophy is a battle against the bewitchment of our intelligence by means of language”.[4]
Chreid Wittgenstein gur éacht gramadaí é staidéar fealsúnachta a fhéachann le míthuiscintí a dhíbirt trí mheán teanga. Ach bíonn cuma ar an staidéar ansin gur tóraíocht é i ndiaidh brí eisintiúil sa teanga féin – foirm chríochnaithe den teanga atá in ann fírinne a léiriú dúinn. Deir sé: “we eliminate misunderstandings by making our expressions more exact; but now it may look as if we were moving towards a particular state, a state of complete exactness; and as if this were the real goal of our investigation”.[5]
Oibríonn fealsúnacht mar sin chun eisint na teanga féin a aimsiú – amhail is gur rud é atá i bhfolach uainn. Ach chreid Wittgenstein dá mbeadh úsáid le baint as focail ar nós ‘teanga’, ‘eispéireas’ nó ‘saol’ gur chóir dóibh a bheith chomh umhal le focail ar nós ‘bord’, ‘lampa’ nó ‘doras’.[3] Deir sé: “For our forms of expression prevent us in all sorts of ways from seeing that nothing out of the ordinary is involved, by sending us in pursuit of chimeras”.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Brian Ó Baoill, Feasta 61 (6), 24-28. Meitheamh 2008
- ↑ "Philosophical Investigations" (as en) (2023-04-08). Wikipedia.
- ↑ 3.0 3.1 Ó Buachalla, Thaddeus (2015). "An túrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge (PhD Thesis, University College Cork)". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Philosophical Investigations: 47 – alt 109
- ↑ Philosophical Investigations: 43 – alt 91
- ↑ Philosophical Investigations: 44 – alt 94