Max Baucus
Ambasadóir na Stát Aontaithe chuig Daonphoblacht na Síne ba ea Max Sieben Baucus (rugadh é ar an 11 Nollaig 1941 ). Seanadóir na Stát Aontaithe a bhí ann ó 1978 go 2014, an téarma ab fhaide riamh ag seanadóir ó Montana. Is ball den Pháirtí Daonlathach é.
Rugadh in Helena Montana é leis an ainm Max Sieben Enke. Bhain sé amach Baitsiléir Ealaíon agus céim dlí ó Ollscoil Stanford. Phós sé Ann Geracimos agus tá mac, Zeno, acu. Fuair siad colscaradh agus phós sé Wanda Minge sa bhliain 1983. Sa bhliain 2011 agus i ndiaidh colscartha eile, phós sé Melodee Hanes, dlíodóir.
Toghadh go dtí an Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe sa bhliain 1974 agus arís 1976 é. Toghadh go dtí an Seanad i 1978 agus bhí sé ina bhall de go dtí gur roghnaigh an tUachtarán Barack Obama é mar ambasadóir SAM chuig an tSín.
Dheimhnigh an Seanad an ceapachán ar 6 Feabhra 2014 le vóta 96-0 ("i láthair" an vóta a chaith sé féin mar bhall den Seanad). D'éirigh sé as a phost sa Seanad an lá céanna. John Walsh (D) a tháinig ina áit sa Seanad.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Suíomh Idirlín Seanaid Curtha i gcartlann 2003-08-06 ar an Wayback Machine