Michael Staines
Ba pholaiteoir Éireannach de chuid Shinn Féin é Michael Joseph Staines (Mícheál de Staíneas) (1 Bealtaine 1885 – 26 Deireadh Fómhair 1955).[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Staines i mBaile Uí Fhiacháin, Contae Mhaigh Eo. Rugadh a mháthair Margaret ann freisin. Bhí a athair Edward ina Oifigeach RIC (Constáblacht Ríoga na hÉireann) ann.<
Bhí Staines ina bhall den Bhráithreachas (IRB), ceaptha mar Cheathrúnach in Ardoifig an Phoist i rith Éirí Amach 1916.
Imtheorannaíodh Staines i bhFrongoch.[2] Toghadh é mar Cheannfort na bpríosúnach,[3] (nuair a bhí an J.J. O'Connell curtha chuig Príosún Reading ar an an 30 Meitheamh).Rinne W.J. Brennan-Whitmore cur síos ar Staines mar "oifigeach an-éifeachtach a thuill meas ó gach aon phríosúnach a bhí ann.”[4]
Ar ais in ÉIrinn sa bhliain 1917, d'oibrigh sé i gcuideachta lucht Shinn Féin: Éamon de Valera, James Ryan, Eamonn Duggan srl. D'éirigh sé ina bhainisteoir sa pháirtí. Sa bhliain 2018, toghadh é mar Teachta Westminster sa toghcheantar "Naomh Michan" i mBaile Átha Cliath.[5]
D'fhreastai sé ar Dháil Éireann agus ar Bhardas Bhaile Átha Cliath. Atoghadh é sa bhliain 1921 agus arís i 1922 do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar-Thuaidh.[6]
Ceapadh é mar an chéad choimisinéir ar an Gharda Síochána in Aibreán 1922.[7] Ach tharla ceannairc i gCill Dara an mhí dár gcionn[8] agus cuireadh Eoin Ó Dubhthaigh in áit Staines mar choimisinéir i mí Mheán Fómhair 1922.
Níor toghadh Staines chuig An Chéad Seanad sa bhliain 1925.[9]
-
campa géibhinn
-
Badge of An Garda Síochána
-
Comhad faisnéise míleata ar Thomas Maguire ó Arm na Breataine Móire
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Mr. Michael Staines". Dáta rochtana: 9 Márta 2012.
- ↑ Sean O Mahony, Frongoch, University of Revolution (Dublin, 1987), pp. 19–23.
- ↑ Ebenezer (2006), p.63
- ↑ W.J. Brennan-Whitmore, With the Irish in Frongoch (Dublin, 1917), p. 62.
- ↑ "Parliamentary election results in Ireland, 1918–92" (1992). Dublin: Royal Irish Academy. ISSN 0332-0286.
- ↑ "Michael Staines". Dáta rochtana: 9 Márta 2012.
- ↑ "Criminal Justice in Ireland" (2002). Institute of Public Administration. Dáta rochtana: 26 March 2015.
- ↑ McCarthy, B. The Civic Guard Mutiny Curtha i gcartlann 2013-01-28 ar an Wayback Machine 2012, Mercier Press, ISBN 9781781170458
- ↑ "1925 Irish Seanad election" (as en) (2019-06-11). Wikipedia.
- Baile Átha Cliath Thiar-Thuaidh
- Polaiteoirí as Baile Átha Cliath
- Daoine a rugadh i 1885
- Básanna i 1955
- Baill Chumann na nGaedheal
- Baill de BPÉ
- Baill den 1ú Dáil
- Baill den 2ú Dáil
- Baill den 3ú Dáil
- Baill Fhine Gael
- Baill Sheanad Éireann
- Baill Shinn Féin
- Coimisinéirí an Gharda Síochána
- Daoine as Contae Mhaigh Eo
- Feisirí de Pharlaimint na Ríochta Aontaithe
- Fir
- Pearsanra míleata