Michelle O'Neill
Is polaiteoir Éireannach í Michelle O'Neill (née Doris;a saolaíodh 10 Eanáir 1977 ), atá mar Chéad-Aire Thuaisceart Éireann ó mhí Feabhra 2024.[1] Bhí sí in oifig roimhe seo mar an LeasChéad-Aire ó 2020 go 2022.
Is Comhalta den Tionól Reachtach í do Lár Uladh, ó 2007 ar aghaidh.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]I Mainistir Fhear Maí i gcontae Chorcaí a rugadh Michelle Doris sa mbliain 1977 ach i gCluain Eo i gcontae Thír Eoghain a tógadh í i dteaghlach Poblachtach.
Chaith a hathair Brendan Doris seal i ngéibheann mar bhall den IRA agus ina dhiaidh sin bhí sé ina Chomhairleoir de chuid Shinn Féin i nDún Geanainn.
In 2005 chuir Michelle O'Neill tús lena saol sa bpolaitíocht nuair a ghlac sí suíochán a hathar ar Chomhairle Buirge Dhún Geanainn agus ba ise an chéad bhean riamh a bhí ina méara ar an mbaile sin.
Dhá bhliain ina dhiaidh sin a toghadh ar dtús í go dtí an Tionól i Stormont agus í i dteannta bheirt sheanfhondúirí an pháirtí, Martin McGuinness agus Francie Molloy, agus iad ina n-ionadaithe ag Lár Uladh.
Nuair a ceapadh ina hAire Sláinte í in 2015 is ea is mó a tháinig sí i mbéal an phobail agus ise a chuir deireadh leis an gcosc a bhí ar fhir aeracha aon fhuil a dheonú lena mbeo.
Nuair a bhásaigh Martin McGuinness in 2017, ba í O'Neill a ceapadh ina ceannaire ar Shinn Féin i Stormont agus an bhliain dár gcionn ceapadh í mar Leas-Uachtarán ar pháirtí Shinn Féin.
Sa mbliain 2020, toghadh O’Neill mar LeasChéad-Aire ar Thionól Stormont.[2]
Ar an 3 Feabhra 2024, ainmníodh O’Neill mar Chéad-Aire ar Fheidhmeannas an Tuaiscirt.[3]
Clúmhilleadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí na Bealtaine 2023, thionscain O'Neill caingean chlúmhillte in éadan chomhairleoir an DUP John Carson; tar éis tráchta a rinne sé ar na meáin shóisialta i mí Aibreáin 2021, agus ar ghabh sé leithscéal ina dhiaidh sin ina leith.[4] I mí na Samhna 2023, rialaigh an Ard-Chúirt Bhreithiúnai, "no award of damages is payable" mar d'fhan a cáil slán. D'aithin an chúirt go raibh an trácht "abusive, highly offensive and misogynistic" ach chinn an breitheamh gur theip air a bheith clúmhillteach. Ordaíodh do gach páirtí a gcostais dlí féin de bhreis agus £ 12,000 an ceann a íoc.[5]
Chinn an Breitheamh Bell gur mionchás a bhí ann, nár cheart go sroichfí an Ard-Chúirt choíche. Chuir an DUP Carson ar fionraí ar feadh trí mhí, nuair a d’aimsigh an coimisinéir rialtais áitiúil um chaighdeái 'Mr Carson had breached the code of conduct for councillors' agus forchuireadh smachtbhanna comhchosúil.[6]
Mar Chéad Aire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 8 Márta 2024, nuair a foilsíodh tuarascáil eatramhach de chuid Kenova, ghabh O'Neill leithscéal leis na teaghlaigh ar fad ar maraíodh daoine muinteartha leo le linn na dTrioblóidí mar gur síleadh gur brathadóirí a bhí iontu. Dúirt sí go raibh aiféala uirthi faoi chuile dhuine a bhí thíos leis na Trioblóidí ó Thuaidh. D'admhaigh sí go raibh sé mícheart an bealach a ndeachaigh an tIRA i ngleic leis an dream a raibh siad in amhras fúthu i dtaca le brathadóireacht.[7]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Lá stairiúil ar Chnoc an Anfa agus Michelle O’Neill tofa ina Céad-Aire" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-03). Dáta rochtana: 2024-02-05.
- ↑ "Stormont deal: Arlene Foster and Michelle O'Neill new top NI ministers". BBC News.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-02-03). "An Taoiseach dóchasach go seasfaidh Comhthionól Stormont" (as ga-IE).
- ↑ "Michelle O’Neill wins libel action against DUP councillor who said she should be ‘put back in her kennel’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-03-09.
- ↑ "Michelle O'Neill awarded no damages over kennel remark" (en-GB). BBC News.
- ↑ "John Carson: DUP councillor suspended over Michelle O'Neill post" (en-GB). BBC News.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-03-08). "Leithscéal gafa ag Céad Aire an Tuaiscirt faoina bhfuil i Kenova" (as ga-IE).