Jump to content

Muir na Seapáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachMuir na Seapáine
(ja) 日本海
(ko) 동해 Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálMuir imeallach Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid dean tAigéan Ciúin Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Tír abhantraían tSeapáin, an Chóiré Theas, an Chóiré Thuaidh agus an Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Cuir in eagar ar Wikidata Map
 40° N, 135° E / 40°N,135°E / 40; 135
Suite i nó in aice le limistéar uiscean tAigéan Ciúin Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
Tréithe
Imeallbhord7,600 Cuir in eagar ar Wikidata
Doimhneacht ingearach3,742 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí1,072 (leithead) × 2,254 (fad) km
Achar978,000 km²
1,048,950 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Bearta agus táscairí
Toirt1,630,000 km³ Cuir in eagar ar Wikidata

Is muir imeallach idir Oileánra na Seapáine, Oileán Sakhalin, agus mór-roinn na hÁise í Muir na Seapáine, ar a dtugtar an Mhuir Thoir sa Chóiré Theas agus Muir Thoir na Cóiré sa Chóiré Thuaidh. Luíonn oileáin na Seapáine idir í agus an tAigéan Ciúin. Is iad an Chóiré Theas, an Chóiré Thuaidh, an Rúis agus an tSeapáin na tíortha ar an muir.

De bharr an méid ocsaigin atá tuaslagtha in uiscí Mhuir na Seapáine, tá dúlra fairsing ann. Dála na Meánmhara, tá talamh ina timpeall beagnach ar fad (ba mhuir thalamhiata í ní b'fhaide siar i stair an domhain). Is éigin a mbíonn taoidí inti mar sin.

Tá achar 978,000 km2 (378,000 míle cearnacha) i Muir na Seapáine. Is é 1,732 méadar (5,748 troigh) an mheándoimhneacht inti.

Oileán Sibiryakov i Muir na Seapáine feadh chósta na Rúise

Tá conspóid ann ó thaobh ainm na mara. Tá rialtas na Cóiré Theas ag iarraidh go dtabharfaí "An Mhuir Thoir" uirthi, cé go mb'fhearr leis na Seapánaigh an t-ainm "Muir na Seapáine" a choinneáil.[1]

Gan aontú faighte eadar an dá náisiún, shocraigh an International Hydrographic Organization (IHO) uimhir a chur ar an fharraige in áit ainm, mar chomhréiteach.


  1. Ehlers Peter (2019-03). "International Hydrographic Organization (IHO)". Max Planck Encyclopedia of Public International Law. Oxford University Press.