Ba cheannaire Ioslamach bunúsaíoch é Usāmah bin Muhammad bin 'Awad bin Lādin, (Araibis: أسامة بن محمد بن عوض بن لادن), nó Osama bin Laden agus Usama bin Laden mar is fearr aithne air (10 Márta1957 - 2 Bealtaine2011).
Bhí bin Laden agus al-Qaeda i gcoimhlint leis an Iarthar, agus na Stáit Aontaithe go háirithe, mar gheall ar an tacaíocht a dtugtar don stát Iosrael, cúpla réimse deachtóireachta sa Mheánoirthear, agus na bunáiteanna a bhí ag na Meiriceánaigh san Araib Shádach, an tír ina bhfuil na cathrachaMeice agus Medina suite.
Ar feadh i bhfad, ní raibh éinne cinnte cá raibh sé i bhfolach ach glacadh go forleathan go raibh sé in áit éigin in iarthuaisceart na Pacastáine. Ag an am ar maraíodh é bhí cónaí air in Abbottabad, cathair i dtuaisceart na tíre ní fada on bpríomhchathair, Islamabad.
Foireann de SEALS de chuid Chabhlaigh Mheiriceá a mharaigh é go luath ar an 2ú lá mí Bealtaine. Mar gheall ar an difear idir chriosanna ama, ba go déanach ar an aonú lá den mhí chéanna in Washington, D.C. a d'fhógair an t-uachtarán Barack Obama bás Bin Laden. D'admhaigh al-Qaeda go raibh sé maraithe ar 6 Bealtaine.