Pailin
Is éard is pailin[1] ann ná na gnéaschealla fireanna de shíolphlandaí a tháirgtear go flúirseach in antair na bplandaí bláfara is saic pailine na ngimnispeirmeacha. Nuair a shroicheann an gráinne pailine stiogma an bhlátha nó crotal an chóin bhaininn, fásann an phailin feadán ar féidir léi a thoilleadh a aistriú chun an t-ubhán a thoirchiú.
Bíonn gráinní pailine an-éagsúil i méid, cruth, carachtar an dromchla, agus is féidir go gcabhraíonn siad seo uile ina ndáileadh. Bíonn pailin ghaothiompartha mín éadrom, na gráinní pailine a iompraíonn feithidí greamannach is níos troime. Bíonn cumhdach seachtrach an ghráinne (an t-eisín) an-fhrithsheasmhach i gcoinne meata, agus faightear pailin iontaisithe is déantar staidéar uirthi chun fásra an ama réamhstairiúil a anailísiú.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): pailin” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-23.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pailin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 503.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |