Próiseas aidiabatach
Cuma
Sa teirmidinimic, próiseas nach bhfaigheann aon teas isteach ann nó nach n-astaíonn aon teas. Tarlóidh a leithéid má bhíonn an córas ina bhfuil an próiseas ar siúl inslithe go han-mhaith, nó más próiseas an-tapa é ionas nach bhfuil dóthain ama ann d'aon mhalartú teasa. Ascaluithe aidiabatacha brú a bhíonn sa bhfuaimthonn. Mar an gcéanna maidir leis na buillí comhbhrúite is forbartha in inneall gluaisteáin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Próiseas aidiabatach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 539.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |