Robert Wilhelm Bunsen
Ceimiceoir Gearmanach ab ea Robert Wilhelm Bunsen (30 Márta 1811 - 16 Lúnasa 1899. D'fhiosraigh sé speictrim astúcháin na ndúl téite, agus sa bhliain 1860, d'aimsigh sé caeisiam agus rubaidiam sa bhliain 1861, in éineacht leis an bhfisiceoir Gustav Kirchhoff. Tá Gradam Bunsen-Kirchhoff don speictreascópacht ainmnithe i ndiaidh 'Bunsen agus Kirchhoff'.
D'fhorbair Bunsen roinnt modhanna chun gás-anailíse a dhéanamh freisin. Bhí sé ina cheannródaí sa fhótaiceimic, agus rinne sé obair luath i réimse na ceimice arsanaice orgánaí. Lena chúntóir saotharlainne Peter Desaga, d'fhorbair sé an dóire Bunsen, feabhas suntasach ar na dóirí saotharlainne a bhí in úsáid ag an am.
Cheap Bunsen raon ionstraimí tábhachtacha eile[1]:
- fótaiméadar an gheirspota,
- an bataire galbhánach,
- an t-oighear-chalraiméadar,
- agus (i gcomhar le Remy Roscoe) an t -achtanaiméadar.
Tá an 'Dámhachtain Bunsen-Kirchhoff' le haghaidh na speictreascópachta anailíse (Gearmáinis: Bunsen-Kirchhoff-Preis für Analytische Spektroskopie) ainmnithe in onóir dóibh.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a d'fhostaigh Ollscoil Heidelberg Bunsen sa bhliain 1852, gheall na húdaráis saotharlann nua a thógáil dó. Bhí tús curtha díreach ag an am sin le soilsiú sráide gásghual a shuiteáil i Heidelberg, agus mar sin bhí soláthar gáis curtha isteach san fhoirgneamh saotharlainne nua chomh maith.
Fuair an tsaotharlann teas chomh maith le soilsiú ón ngás. I gcomhair téimh, bhí sé inmhianaithe an teocht a uasmhéadú agus an lonrachas a íoslaghdú. Go dtí sin, ní raibh an-éifeachtach sna lampaí saotharlainne maidir le simplíocht agus barainneacht, chomh maith le cáilíocht an lasair i gcomhair dóire lampa.
Nuair a bhí foirgneamh s'aige fós á dtógáil go déanach sa bhliain 1854, mhol Bunsen prionsabail dearaidh áirithe don mheicneoir ollscoile, Peter Desaga, agus mhol sé dó fhréamhshamhail a thógáil. (Bhí na prionsabail comhchosúla úsáidte níos luaithe ag Michael Faraday i ndearadh dóire, agus ag an ghás innealtóir R. W. Elsner i ngléas a bhí paitinnithe sa bhliain 1856).
Bhí smaoineamh an dóire fhíorthábhachtaigh seo ag Robert Bunsen, ach ba é a chabhraitheoir teicniúil Peter Desaga a thóg is a thug chun foirfeachta é.
D'éirigh leis an dearadh Bunsen-Desaga lasair te, neamh-shúiche, neamh-lonrúil a ghiniúint, trí ghás le haer a mheascadh i mbealach rialaithe roimh dhóchán. Chruthaigh Desaga scoiltíní i gcomhair an aeir ag bun an chéad dóire sorcóireach, an lasair a lasadh ag an mbarr.
Faoin am a d'osclaíodh an foirgneamh go luath sa bhliain 1855, bhí caoga dóirí déanta ag Desaga do mhic léinn Bhunsen. D'fhoilsigh Bunsen cur síos ar an ndóire dhá bhliain níos déanaí, agus ghlac go leor dá chomhghleacaithe go luath leis an dearadh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Matt Hussey, Fréamh an Eolais, Coiscéim 2011
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |