Roibeard Ó Faracháin
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Aibreán 1909 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 29 Nollaig 1984 75 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Phádraig, Droim Conrach Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir, craoltóir |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
File, scríbhneoir, agus craoltóir Éireannach ab ea Roibead Ó Faracháin (Béarla: Robert Farren; 24 Aibreán 1909 – 29 Nollaig 1984).[1]
Ba as Baile Átha Cliath ó dhúchas dó, áit ar chaith sé deich mbliana mar mhúinteoir scoile agus ina stiúrthóir craolacháin ag Raidió Teilifís Éireann ina dhiaidh sin. Bhí sé ar dhuine de stiúrthóirí Amharclann na Mainistreach ó 1940 go 1973.[1]
Thosaigh sé ag scríobh dánta thart ar 1930, i mBéarla den chuid is mó. D'fhoilsigh sé bailiúchán gearrscéalta Gaeilge dar teideal Fíon gan Mhoirt sa bhliain 1938. Scríobh sé saothar criticiúil a bhfuil cáil mhór air, The Course of Irish Verse in English (1948). Cuireadh cúig cinn dá dhánta féin in The Oxford Book of Irish Verse, 17th century–20th century (curtha in eagar ag Donagh MacDonagh agus Lennox Robinson, Clarendon Press) in 1958.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó FARACHÁIN, Roibeard (1909–1984) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-03-13.
- ↑ "Robert Farren (1909-84)". Dáta rochtana: 2024-03-12.