Jump to content

Sylvia Plath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSylvia Plath

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Deireadh Fómhair 1932
Bostún, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Feabhra 1963
30 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú
Áit adhlacthaHeptonstall Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tÚinitéireachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Smith - eolaíocht liteartha
Coláiste Newnham, Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheLondain
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht, aiste agus ficsean
Gairmfile, dírbheathaisnéisí, dialannaí, scríbhneoir aistí, scríbhneoir, úrscéalaí, scríbhneoir litríocht pháistí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste Smith Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraConfessional poetry (en) Aistrigh
Ainm cleiteVictoria Lucas Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileTed Hughes (1956–1963) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteFrieda Hughes, Nicholas Hughes Cuir in eagar ar Wikidata
AthairOtto Plath  agus Aurelia Plath
SiblínWarren Joseph Plath
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0686799 TMDB.org: 1521848
Musicbrainz: 9b73926a-d249-4dfd-841b-db3a56be5d9f Songkick: 46265 Discogs: 854503 Find a Grave: 1580 Cuir in eagar ar Wikidata

B'fhile, úrscéalaí agus gearrscéalaí Meiriceánach í Sylvia Plath. Rugadh i mBostún, Massachusetts í ar an 27 Deireadh Fómhair, 1932 agus cailleadh í ar an 11 Feabhra, 1963 i Londain Shasana tar éis di lámh a chur ina bás féin.[1]

D'fhreastail sí ar Choláiste Mhic Gabhainn (Béarla: Smith College) in Northampton, Massachusetts, (Sasana Nua), agus ar Choláiste Newnham in Cambridge nuair a bhronnadh an Scoláireacht Fulbright uirthi.[2]

Phós sí an file Ted Hughes sa bhliain 1956. Is minic a bhí mí-úsáid á dhéanamh sa chaidreamh a bhí eatarthu.

Chuir siad fúthu i Meiriceá, sular bhog go Sasana sa bhliain 1959[3]. Bhí beirt chlainne acu: Frieda agus Nicholas.

Bhí fulaingt dhian ag Sylvia Plath leis an ghalar dubhach, agus bhí sí sin, maraon lena hidirscaradh pósta sa bhliain 1962, ar cheann de na príomhchúiseanna lena féinmharú, is cosúil (chuir sí a ceann sa ghásoigheann).[4]

Is é An Clogad[5] (Béarla: The Bell Jar) an leabhar is mó le rá de chuid Sylvia Plath. Úrscéal dírbheathaisnéiseach atá sa Chlogad, an t-aon úrscéal dár scríobh Plath riamh. Foilsíodh den chéad uair é sa bhliain 1963 (mí roimh bhás an údair) faoin ainm cleite Victoria Lucas.

B'iarracht é An Clogad a léiriú "cé chomh scaoilte aonrach is a mhothaíonn an té atá i mbun clise néarach... Rinne mé iarracht samhail a tharraingt de mo shaolsan agus de na daoine atá ann de réir mar a bhfeicfear duit iad agus tú ag faire orthu trí ghloine chlogaid, agus í sin ag feidhmiú mar lionsa a chuireann íomhánna as a riocht".[6]

curtha i Heptonstall, Yorkshire
  1. Encyclopedia Britannica
  2. Helle (2007) p44
  3. Kirk (2004) pxx
  4. Becker. (2003)
  5. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “bell jar — Aistriúchán Gaeilge ar bell jar (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-06-12.
  6. Plath Biographical Note 294-5. From Wagner-Martin (1988) p107