Valentin Rasputin
(2011) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (ru) Валентин Распутин |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 15 Márta 1937 Ust'-Uda, An Rúis |
Bás | 14 Márta 2015 77 bliana d'aois Moscó, An Rúis |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Stáit Irkutsk |
Teanga dhúchais | an Rúisis |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, iriseoireacht, iriseoireacht tuairimíochta agus polaitíocht |
Gairm | scríbhneoir, polaiteoir, úrscéalaí, pearsa phoiblí, iriseoir, iriseoir tuairime, gearrscéalaí |
Tréimhse oibre | 1966 – |
Ball de | |
Seánra | Prós-scríbhneoirí tuaithe agus aiste |
Teangacha | An Rúisis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Gradam a fuarthas | |
Scríbhneoir Rúiseach é Valentin Grigoryevich Rasputin (ar an 15 Márta a rugadh é, sa bhliain 1937; shíothlaigh sé ar 14 Márta 2015) agus é ar dhuine de na "prós-scríbhneoirí tuaithe" ina thír dhúchais. Chaith sé cuid mhór dá shaol i réigiún Irkutsk sa tSibéir, agus is é is téama dá chuid scríbhinní ná scoiteacht agus anóime an tsaoil chathartha agus an troid a chuireann muintir na tuaithe ar son a saoil shimplí féin, le teacht slán ón gcathair.
Is é an saothar is clúití a tháinig óna pheann ná Прощание с Матёрой/Proshchanie s Matyoroi ("Slán ag Matyora"), gearrscéal fada faoi oileán Matyora sa tSibéir atá le fágáil faoin uisce, agus taiscumar nua á thógáil. Meafar atá ann a thugann cur síos ar léirscrios an nádúir Rúisigh sna blianta Sóivéadacha in ainm an dul chun cinn.
Leis na blianta beaga anuas, áfach, táthar á chur i leith Rasputin go bhfuil sé go róthréan in éadan an tsaoil nua-aimseartha agus go mbíonn sé ag comhoibriú le náisiúnaithe frith-Ghiúdacha.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Valentin Rasputin chun saoil i sráidbhaile Ust-Uda i gCúige Irkutsk sa tSibéir. Bhí a athair ag obair do shiopa comharchumainn an tsráidbhaile, agus a mháthair ina banaltra. Ní raibh Valentin óg i bhfad ar an saol, nuair a d'aistrigh an teaghlach go léir go sráidbhaile eile sa cheantar, Atalanka.
Bhí an dá shráidbhaile suite cois Abhainn Angara, agus fágadh faoin uisce iad nuair a tógadh Taiscumar Bryansk sna seascaidí, ionas gurbh éigean don dá phobal socrú síos ní b'fhaide ón abhainn. Ag trácht ar bhlianta a chéad óige dó ní ba déanaí, dúirt Rasputin gur tréimhse shona a bhí ann i ndiaidh an iomláin, cé go raibh a mhuintir i gcruachás go minic.
Bhí Valentin beag sách seanchríonna mar pháiste, agus é thar barr ag tógáil léinn ar scoil. Nuair a bhí an bhunscoil ceithre bliana críochnaithe aige sa bhliain 1948, chuaigh sé go hUst-Ude arís, leathchéad ciliméadar ó Atalanka, le dul ar mheánscoil. Bhí sé ar an gcéad pháiste ó Atalanka a bhain amach ardteastas na meánscoile mar sin.
Chuaigh sé go hOllscoil Irkutsk ag foghlaim léinn agus bronnadh a chéim air sa bhliain 1959. Ansin chuaigh sé le hiriseoireacht mar ghairm bheatha, agus é ag scríobh do nuachtáin an Komsomol (ógeagras an Pháirtí Chumannaigh san Aontas Sóivéadach) in Irkutsk agus in Krasnoyarsk.