An Abhainn
Ainm Laidine (IAU) | Eridanus |
---|---|
Nod | Eri |
Ginideach Laidine | Eridani |
Siombalaíocht | an abhainn |
Dronairde | 3.25 h |
Diallas | -29° |
Achar | 1138 céim cearnach Céim 6ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 4 |
Réalta is gile | Achernar (α Eri) (méid 0.50) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +32° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Nollaig an infheictheacht is fearr |
Tá an Abhainn (Eridanus as Laidin) ar an séú réaltbhuíon is mó de na 88 réaltbhuíon a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo. Bhí sé freisin ar cheann de na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes. Tá an réaltbhuíon seo suite ar an leathsféar neamhaí theas.
Príomhghnéithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- α Eri, dá ngairtear freisin Achernar: tá sé ar amharcmhéid 0.50 agus is é B3 Vpe a aicme speictreach. Is réalta an-aisteach é Achernar: tá sé ar cheann de na réaltaí is leacaithe sa spéir. Is cosúil go bhfuil trastomhas a mheánchiorcail 50% níos mó ná a thrastomhas polach. Is é is cúis leis seo ná go bhfuil Achernar ag casadh go han-tapaidh.
- β Eri (Cursa): A3 III a aicme speictreach agus soilsíonn sé le gile dhealraitheach ar méid 2.79v.
- γ Eri (Zaurak): den aicme speictreach M1 IIIb, agus ar amharcmhéid 2.98v. Is réalta athraitheach é Zaurak, agus réalta dhúbailte optúil chomh maith.
- ε Eri: Tá an réalta athraitheach seo ar an tríú réalta is cóngaraí don Ghrian; níl sé ach 10.5 solasbhliain i bhfad uainn. K2 V a aicme speictreach agus 3.78v a amharcmhéid. Is réalta athraitheach BY Draconis é, agus is cosúil go bhfuil pláinéad eachtarghréine in aice leis.
- θ Eri (Acamar): is A-réalta bán an réalta dhúbailte seo ar amharcmhéid 3.4, in éineacht le A-réalta eile atá ar méid 4.5; 2.9 an amharcmhéid chomhtháite. Is furasta an péire optúil seo a scoilteadh le teileascóip bheaga. Ar chatalóg Tholamaes, is réalta den chéad mhéid í seo!
- ο2 Eri (Keid): is tríréalta shuntasach é seo. Tá an príomhréalta ar méid 4.43 agus ar aicme speictreach G9. Is abhac bán é an dara comhbhaill, ar méid 9.52, agus is bladhmréalta an tríú comhbhaill, ar méid 11.17.
- 32 Eri: réalta dhúbailte.
Réada suntasacha domhainspéire
[cuir in eagar | athraigh foinse]- NGC 1535: réaltnéal pláinéadach, ar méid 9.6, a d'aimsigh Wilhelm Herschel sa bhliain 1785. Tá an lárréalta ar amharcmhéid 12.18; 8.7 an gile dhromchla.
- Grúpa Eridanus: tá a lán réaltraí le feiceáil ar réaltbhuíon na hAbhann. Grúpa Eridanus, nó Fornax II, a thugtar ar bhraisle réaltraí a chuimsíonn réaltraí ón dá thaobh den teorainn idir an Abhainn agus an Fhoirnéis.
Miotaseolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá baint speisialta ag an Abhainn le dhá mhiotas na Gréige, agus is dócha go mbaineann an dá cheann acu le cruth na réaltbhuíne seo (.i. slí an-chasta). Uaireanta d'fheictí ar Eridanus mar abhainn a rith as uiscí an Uisceadóra; sa chás seo, caithfidh go samhlaítear an tUisceadóir agus é ag tabhairt a aghaidhe ar an Abhainn, rud nach féidir a dhéanamh gan dealramh an Uisceadóra a athchum i gcaoi go scairdeann an t-uisce amach ar an taobh céanna den Abhainn.
Go coitianta baineann réaltbhuíon na Abhann le miotas Faetón, mac Héilias (.i. na Gréine), a bhain triail as carbad a athar a thiomáint lá amháin, ach ní raibh an méid sin nirt aige na capaill a smachtú, agus sciurd an carbad i ngach treo. Deireadh an scéil ná gur tháinig an carbad ró-ghar don domhan; chlaochlaíodh ranna den domhain go gaineamhlach agus dódh craiceann na daoine a bhí ina gcónaí sna ranna úd (agus is é sin is cúis le craiceann gorm na nAetóipeach, de réir na seanghréagach). Chuir Séas isteach ag an bpointe seo; leag sé Faetón marbh le saighneán, agus thit sé isteach in abhainn Pó san Iodáil.
Ar dtús ionannaíodh an réaltbhuíon leis an slí a bhreac Faetón ar an spéir, ach ina dhiaidh sin chonacthas uirthi mar an abhainn ar thit Faetón isteach inti.
Réaltaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
- α Eri 0.45 Achernar < آخر النهر Ākhir al-Nahr = Críoch na hAbhann
- 67/β Eri 2.78 Cursa [Kursa] nó Dhalim
- 34/γ Eri 2.97 Zaurak [Zaurac, Zaurack] < زورق zawraq = Bád
- 23/δ Eri 3.52 Rana
- 13/ζ Eri 4.80 Zibal < ? = an Ostrais
- 3/η Eri 3.89 Azha (?) ainm truaillithe ó Pheirsis آشيانه āšiyāne = Nead na hOstraise
- θ Eri Acamar – dúbailte 3.89, 4.35 < آخر النهر ākhir an-nahr = Críoch na hAbhann [ainmníodh é sular cuireadh Achernar san áireamh], agus truaillíodh rn go m.
- ο Eri
- 2/τ² Eri 4.76 Angetenar [Al Anchat, Anchenet, Hinayat (al Nahr)] < عوجة النهر cawjat[u] an-nahr = Cam na hAbhann
- υ Eri
- 53/l Eri 3.86 Sceptrum, mar ba é seo an réalta is gile ar Sceptrum Brandenburgicum, réaltbhuíon caillte.
- Réaltaí a bhfuil ainmnithe Bayer orthu:
- α Eri 0.45; 67/β Eri 2.78; 34/γ Eri 2.97; 23/δ Eri 3.52; 18/ε Eri 3.72; 13/ζ Eri 4.80; 3/η Eri 3.89; θ1 Eri 3.89; θ2 Eri 4.35; ι Eri 4.11; κ Eri 4.24; 69/λ Eri 4.25; 57/μ Eri 4.01; 48/ν Eri 3.93; 42/ξ Eri 5.17; 38/ο¹ Eri 4.04; 40/ο² Eri 4.43; 26/π Eri 4.43; 8/ρ1 Eri 5.75; 9/ρ2 Eri 5.32; 10/ρ3 Eri 5.26; 1/τ1 Eri 4.47; 2/τ2 Eri 4.76; 11/τ3 Eri 4.08; 16/τ4 Eri 3.70; 19/τ5 Eri 4.26; 27/τ6 Eri 4.22; 28/τ7 Eri 5.24; 33/τ8 Eri 4.64; 36/τ9 Eri 4.62; 50/υ¹ Eri 4.49; 52/υ² Eri 3.82; 41/υ4 Eri 3.55; φ Eri 3.56; χ Eri 3.69; 65/ψ Eri 4.80; 61/ω Eri 4.36; 62/b Eri 5.50; 51/c Eri 5.22; 43/d Eri – dúbailte 3.97, 5.85; 82/e Eri 4.26; f Eri – dúbailte: 4.30, 4.73; g Eri 4.17; h Eri 4.59; i Eri 5.11; p Eri – dúbailte 5.76, 5.76; q1 Eri 5.52; q2 Eri 5.04; 17/v Eri 4.74; 32/w Eri – dúbailte: 4.79, 6.14; y Eri 4.57
- Réaltaí a bhfuil ainmnithe Flamsteed orthu:
- 1/τ1 Eri 4.47; 2/τ2 Eri 4.76; 3/η Eri 3.89; 4 Eri 5.44; 5 Eri 5.56; 6 Eri 5.82; 7 Eri 6.11; 8/ρ1 Eri 5.75; 9/ρ2 Eri 5.32; 10/ρ3 Eri 5.26; 11/τ3 Eri 4.08; 13/ζ Eri 4.80; 14 Eri 6.14; 15 Eri 4.86; 16/τ4 Eri 3.70; 17/v Eri 4.73; 18/ε Eri 3.72; 19/τ5 Eri 4.26; 20 Eri 5.24; 21 Eri 5.97; 22 Eri 5.53; 23/δ Eri 3.52; 24 Eri 5.24; 25 Eri 5.56; 26/π Eri 4.43; 27/τ6 Eri 4.22; 28/τ7 Eri 5.24; 29 Eri 7.10; 30 Eri 5.48; 32/w Eri – dúbailte: 4.79, 6.14; 33/τ8 Eri 4.64; 34/γ Eri 2.97; 35 Eri 5.28; 36/τ9 Eri 4.62; 37 Eri 5.44; 38/ο¹ Eri 4.04; 39/39 Eri 4.87; 40/ο² Eri 4.43; 41/υ4 Eri 3.55; 42/ξ Eri 5.17; 43/d Eri 3.96; 44 Eri 5.53; 45 Eri 4.91; 46 Eri 5.71; 47 Eri 5.20; 48/ν Eri 3.93; 49 Eri 5.32; 50/υ¹ Eri 4.49; 51/c Eri 5.23; 52/υ² Eri 3.82; 53/l Eri 3.86; 54 Eri 4.32; 55 Eri 5.98; 56 Eri 5.78; 57/μ Eri 4.01; 58 Eri 5.49; 59 Eri 5.76; 60 Eri 5.03; 61/ω Eri 4.36; 62/b Eri 5.50; 63 Eri 5.39; 64/S Eri 4.74; 65/ψ Eri 4.80; 66 Eri 5.12; 67/β Eri 2.78; 68 Eri 5.11; 69/λ Eri 4.25; 82/e Eri 4.26
- Réaltaí suntasacha eile:
- EF Eri 14.5 - <17.5 – réalta athraitheach mhórchorraíola
- 12 Eri = Alfa Fornacis
Féach fosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Yale Bright Star Catalog
- an Abhainn ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-08 ar an Wayback Machine
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Abhainn agus Miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-03-30 ar an Wayback Machine
- an Abhainn ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Abhainn Curtha i gcartlann 2006-04-22 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Abhainn
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |