An Leon Beag
Ainm Laidine (IAU) | Leo Minor |
---|---|
Nod | LMi |
Ginideach Laidine | Leonis Minoris |
Siombalaíocht | an leon is lú |
Dronairde | 10 h |
Diallas | 35° |
Achar | 232 céim cearnach Céim 64ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 0 |
Réalta is gile | Praecipua (46 LMi) (méid 3.83) |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −45° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Aibreán an infheictheacht is fearr |
Is réaltbhuíon an-doiléir é an Leon Beag atá le feiceáil ar éigean mar thriantán beag idir réaltbhuíonta sofheicthe an Bhéir Mhóir agus an Leoin. Murab ionann is an Leon, níor áirigh Tolamaes an Leon Beag i measc na 48 réaltbhuíon a d'aithin sé sa dara haois; is amhlaidh nach raibh an réaltbhuíon seo ann go dtí gur chruthaigh Johannes Hevelius sa bhliain 1687 í. Is é Leo Minor, a chiallaíonn an leon is lú, an t-ainm Laidine a thugtar ar an Leon Beag.
Príomhghnéithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl mórán le feiceáil ar an réaltbhuíon seo gan teileascóp mór a bheith agat. Níl ach réalt amháin dá cuid níos gile ná an ceathrú méid:
- Praecipua (46 LMi): fathachréalta, nó ionann is, atá ar aicme speictreach K0; tá sí amuigh is istigh ar 98 solasbhliain i bhfad i gcéin, agus ar méid 3.83. Níl ainm Bayer ar Praecipua, agus dá bharr sin is é an Leon Beag an t-aon réaltbhuíon amháin nach bhfuil ainm Bayer ar an réalt is gile léi.
- β LMi: más iontach le rá é, is í an fathachréalta seo, atá ar aicme speictreach G8, an t-aon réalt amháin ar an Leon Beag a bhfuil ainm Bayer uirthi; agus ar méid 4.21, ní hí an réalt is gile ar an Leon Beag.
- R LMi: comhathraíonn gile an réalta athraithí fadtréimhsí seo (réalta Mira Ceti fhionnuar atá inti) ó 6.3 go 13.2 ar feadh tréimhse 372.19 lá.
Réada suntasacha domhainspéire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl aon réad suntasach domhainspéire ar réaltbhuíon an Leoin Bhig. Is é an ceann is gile ná NGC 3003, réaltra ar méid chomhtháite 11.7m agus ar trastomhas uilleach 5.9 nóiméad stua. Feictear beagnach i dtreo na ciumhaise é.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar mbeith ina réaltbhuíon nua-aimseartha dó, ní bhaineann aon stair ná miotaseolaíocht leis an Leon Beag. Mar atá ráite cheana féin, chruthaigh Johannes Hevelius sa bhliain 1687 é.
Réaltaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach fosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Yale Bright Star Catalog
- an Leon Beag ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-08 ar an Wayback Machine
- Ian Ridpath's Star Tales
- an Leon Beag agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-06-14 ar an Wayback Machine
- an Leon Beag ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Leon Beag Curtha i gcartlann 2006-06-15 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Leon Beag
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.
Réaltbhuíonta a thug isteach Johannes Hevelius sa téacs Firmamentum Sobiescianum sa bhliain 1690 |
na Madraí Fiaigh | an Laghairt | an Leon Beag | an Lincse | an Sciath | an Seiseamhán | an Sionnach| Ceirbearas | Sliabh Maenalas | an Triantán Beag |